D'ardaigh luach scaireanna ar an stocmhalartán anseo inniu tar éis don rialtas a fhógairt go rachadh sé i mbannaí ar na taiscí ar fad atá i mbainc na hÉireann.
Tuairiscítear gur tháinig ardú 4% ó inné ar an méid is fiú na scaireanna ar innéasc an ISEQ.
Dúirt an tAire Airgeadais, Brian Lenihan gur tubaiste ollmhór a bheadh i dteip aon bhanc anseo a chuirfeadh deireadh le trádáil sa tír.
Sna Stáit Aontaithe tá sé tugtha le fios ag polaiteoirí sinsearacha go leanfar le hiarrachtaí féachaint le reachtaíocht a thabhairt chun cinn a rachadh i gcabhair ar institiúídí airgeadais ansin.
I dTeach na nIonadaithe i Washington aréir theip ar an bplean tarrthála a bhí curtha i dtoll a chéile do Wallstreet agus a raibh tacaíocht láidir an Uachtaráin Bush aige.
Chuaigh rialtas na Beilge agus na Fraince i gcabhair ar chomhlacht bainicéireachta a bhfuil fadhbanna airgid aige.
Tá breis is sé chéad míle milliún euro ag teastáil ón ghrúpa Dexia má tá sé le teacht slán.
Thug Rialtas Lucsamburg le fios chomh maith go n-ineisteoidh sé sa bhanc.
Maraíodh fear i dtimpiste bhóthair i gContae Thír Eoghain.
Tharla an timpiste in aice leis an Ómaigh go gairid roimh a seacht a chlog ar maidin nuair a bhuail leoraí agus gluaisteán a chéile.