skip to main content

Cinnlínte Nuachta

titim mhór ar luach scaireanna ar stocmhalartáin na hEorpa inniu i bhfianaise imní faoin staid ina bhfuil roinnt banc i dtíortha áirithe.

Scaireanna airgid is measa atá buailte agus iad ag trádáil idir 8% agus 18% níos ísle ná mar a bhí.

tograí nua maidir le breis foirgneamh scoile a thógáil fógartha ag an Aire Oideachais, Batt O'Keeffe.

Cúig fhoirgneamh is fiche ar fad atá i gceist, agus maíonn an tAire gur chóir go mbeadh an obair thógála ar fad faoi lán tseoil go luath an bhliain seo chugainn.

Déanfar cúram do bhreis is 4,600 dalta bunscoile breise mar gheall ar na tograí seo, agus beidh buntáiste ann chomh maith do suas le 3,000 dalta dara leibhéal.

an comhlacht bia Kerry le hachomharc a dhéanamh san Ard Chúirt maidir leis an gcosc atá curtha orthu an comhlacht Breeo Foods a cheannach.

Rialaigh an tÚdarás Iomaíochta in aghaidh an iarratais ó Kerry mar gur measadh go mbeadh laghdú suntasach ar an rogha a bheadh ar fáil don gcustaiméir sa margadh.

Tá Kerry sásta Breeo Foods a cheannach ar 165 milliún euro.

Tuairiscítear bail sheasmhach a bheith ar fhear a gortaíodh in eachtra lámhaigh i gContae Chorcaí aréir.

Tuigtear nár gortaíodh ró-dhona an fear atá i gceist nuair a scaoileadh urchair tré fhuinneog tí i gceantar Chnoc na hAoine timpeall ar a naoi a chlog.

Bhuail piléir an fear sa ghualainn agus sa bholg. Bhí páirtí an fhir agus beirt pháistí leo sa teach ag an am.