skip to main content

Cinnlínte Nuachta

Galmoy Mines nó Mianaigh Ghabhalmhaigh i dtuaisceart Cill Chainnigh le dúnadh. Caillfear dhá chéad fiche h-aon post ón Nollaig seo go cheann dhá bhliain.

Dúirt Denis Hynes ó SIPTU gur costaisí breosla is córais iompar ba mhó ba chúis leis an cinneadh, agus dúirt Príómh Fheidhmeanach an chomhlacht , gur deineadh an cinneadh mar nach mbeadh aon ábhar fágtha sa mhian faoin bhliain 2011.

bainc ceannais ar fud an domhain ag cur breis airgid i gcóras airgeadais an domhain, féachaint le cuidiú leis an ngearchéim airgeadais sna margadh domhanda .

Sna Stát Aontaithe tá stop curtha leis na cainteanna faoi phlean tarrthála an chiste stát, luach seacht gcéad billún dollar riaristí a cheannach, tá baill páirtí na bPoblachtánach sa chomhdháil ag cur i gcoinne an phlean.

Leanann seo uaireannta chloig de chainteanna a bhí ag Uachtáran Bush le gach taobh páirteach i bpolaitiócht Mheiriceá. Tá súil go leanfar leis na cainteanna arís tráthnóna.

Deir Póilíni na Gearmáine gur thug siad ruathar faoi eitléan ag Aerfort Chologne agus go bhfuil beirt fhear a bhfuil amhras gur sceimhlitheoirí iad gafa acu.

Is ar bord eitléan do chuid KLM a bhí ar a slí go Amsterdam a bhí siad.

baill sheasamhach ar fhear fiche sé bliana d'aois in ospidél i gContae Dhún na nGall de bharr gur lamhach sa mhuinéal é.

Bhí an fear ina shuí ina ghluaistéan i dteannta a chailín nuair a tháinig veain suas lena thaobh, agus tháinig ceathrar amach as agus thug faoi an bhfear .