Tá na Gardaí i mbun cuardaigh i gceantar Shliabh Bladhma do chorp Fiona Pender atá ar iarraidh ó 1996.
Chonacthas go deireanach í ag a teach cónaithe i dTulach Mhór i mí Lúnasa 1996.
Thángthas ar chros a raibh ainm Fiona Pender uirthi sa cheantar céanna i mbliana.
Ionsaíodh cúigear ban ar fad le breis agus bliain anuas i gceantar Bhaile Átha Luain. Tharla an t-ionsaí is deireanaí ag an deireadh seachtaine.
Deir na Gardaí go bhfuil cosúlacht idir na hionsaithe ar fad a tharlaíonn in aice leis an stáisiún traenach.
Tá triúr á gceistiú ag na Gardaí faoi dhúnmharú Marie Kilmartin a dtángthas ar a corp i bportach ar an teorainn idir Contae Laoise agus Contae Uíbh Fhailí i Meitheamh na bliana 1994.
Tá fear á cheistiú i bPort Laoise agus tá fear agus bean á gceistiú i dTulach Mhór.
Tá tús curtha le fiosrúchán neamhspleách féachaint ar cheart an fiosrúchán poiblí maidir le dóiteán an Stardust a athoscailt.
Maraíodh ocht nduine agus dhá scór sa dóiteán in Ard Aighin i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath i mí Feabhra 1981.
Bh i cruinniú ag an Aire Gnóthaí Eachtracha, Micheál Martin le hUachtarán na Palaistíne, Mahmoud Abbas i dTeach Uíbh Eachach i mBaile Átha Cliath inniu.
Dúirt an tAire tar éis an chruinnithe go leanfadh an rialtas ag tacú leis an bpróiseas síochána sa mheánoirthear.