Tá cead isteach i gCuan Chorcaí arís ag longa tar éis d'iascairí deireadh a chur lena n-agóid ansin.
Bhí na hiascairí i mbun agóide ó inné chun aird a tharraingt ar an ardú ar chostas breosla agus ar an méid iasc a thugtar isteach sa tír seo ón iasacht.
Tá deireadh curtha ag iascairí lena n-agóid i gCalafort Bhaile Átha Cliath freisin. Beidh cruinniú acu leis an Aire Talmhaíochta agus Iascaigh, Brendan Smith, ar an Aoine.
Deir an ceardchumann IMPACT go ndéanfar tuilleadh ciorruithe sa tseirbhís sláinte in oirthear na tíre a ghoillfidh go mór ar othair sa réigiún.
Dar leis an gceardchumann go gcaillfidh céad duine a bpostanna dá mbarr. Tá agóidí ar bun ag baill den cheardchumainn ag a gcuid ionad oibre in áiteacha éagsúla sa tír thart ar an am seo.
Tá tús curtha sa Chúirt Choiriúil Speisialta le triail Bhrendan 'Bik' McFarlane - iarbhall sinsearach den IRA as Béal Feirste - ar chúisimh a bhaineann le fuadach an fhir ghnó, Don Tidey, cúig bliana is fiche ó shin.
Chomh maith leis an bhfuadach, tá sé cúisithe i ngunna a bheith ina sheilbh aige agus rún aige beatha a chur i mbaol. Tá sé ag pléadáil neamhchiontach sna cúisimh.
Tá muintir na n-oileán amach ó chósta an iarthair ag vótáil sa reifreann ar Chonradh Liospóin inniu.
Osclaíodh na hionaid vótála ag a seacht a chlog ar maidin agus dúnfar iad ag a deich a chlog anocht. Tá os cionn míle dhá chéad duine i dteideal vótála ar na hOileáin Árann, ar Chliara, Inis Bó Finne, Inis Bigil agus Inis Toirc.