Tá tús curtha san Ard Chúirt i mBéal Feirste le cás cúitimh atá á ghlacadh ag gaolta cuid de na daoine a maraíodh i mbuamáil na hÓmaí in aghaidh cúigir a bhfuiltear amhrasach fúthu go raibh baint acu leis an ionsaí.
Is iad Michael McKevitt, Colm Murphy, Liam Campbell, Séamus McKenna agus Séamus Daly an cúigear atá i gceist.
Meastar go leanfaidh an cás go ceann ocht seachtainí.
Éistfear cuid den gcás i mBaile Átha Cliath ionas gur féidir le Gardaí fianaise a thabhairt.
Thángthas ar chorp ar thalamh bánaithe cóngarach do chathair Luimnigh ar maidin.
Gardaí a bhí amuigh ag lorg arm sa cheantar a tháinig ar an gcorp in aice le páirc sacair ar bhóthar de hÍde.
Tá an láthair caomhnaithe.
Léiríonn suirbhé nua gur €778 ar an meán in aghaidh na seachtaine a chosnaíonn cúram duine i dteach altranais príobháideach.
Léiríonn an suirbhé chomh maith go bhfuil méadú 21% ar chostas fóirne.
Tá rialacha nua le cur i bhfeidhm ag an gCoimisiún Eorpach maidir le húsáid fónanna póca ar bord eitleán.
Beidh cead ag daoine glaonna a dhéanamh agus iad san aer os cionn na hEorpa.
Ní fios cén costas a bhainfidh le húsáid na bhfónanna.
Tá Ryanair le hachomharc a dhéanamh san Ard Chúirt in aghaidh chinneadh atá déanta ag an Rialaitheoir Eitleoireachta méadú a 50% a cheadú ar tháillí ag deasceanna cláraithe in Aerfort Bhaile Átha Cliath.
Dúirt Príomhfheidhmeannach Ryanair, Michael O'Leary, go raibh ar an aerlíne an t-achomharc a dhéanamh mar nach raibh an Rialaitheoir Eitleoireachta ag cloí lena dhulagas reachtúil.