Dáta: 16-18 Meitheamh
Áit: Ráth Chairn, Co. na Mí.
Féile chomhaimseartha don cheol chomhaimseartha atá ag teacht chun cinn i nGaeilge is ea Féile na Gealaí, a bunaíodh anuraidh. Deir lucht eagraithe na féile nach raibh siad 'ag iarraidh íomhá iomlán úr a chruthú den teanga, níl ann ach gur mhaith linn íomhá eile a chruthú'. Admhaíonn siad go mbaineann 'éagsúlacht leis an teanga, b'fheidir go meallfadh an fhéile seo daoine i dtreo na teanga nach ndéanfadh imeachtaí eile'. Ceoltóirí eile le fógairt go luath!
2. Cúirt- Féile Idirnáisiúnta Litríochta
Dáta: 23 – 30 Aibreán
Áit: Cathair na Gaillimhe
Is i gCathair na dTreabh a bhíonn cuid de na féilte is fearr sa tír seo agus le ní haon ionadh go bhfuil sceideal atá ar ardchaighdeán idir Bhéarla agus Ghaeilge ag Féile na Cúirte do dhaoine óga agus daoine fásta, araon.
Dáta: 27 Aibreán- 1 Bealtaine
Áit: An Daingean, Co. Chiarraí
Cuirtear síos ar an bhféile seo mar fhéile ealaíon agus cheoil agus dár ndóigh, ní fhéadfá An Daingean a shárú maidir le craic, ceol agus comhluadar. Bíonn paráid na Bealtaine thar barr gach bliain agus an chuma
We need your consent to load this Vimeo contentWe use Vimeo to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Dáta: 19-21 Bealtaine
Áit: An Seangharraí, Corcaigh.
Is ag dul ó neart go neart atá Litfest ó bunaíodh í. Dírítear ar bhia, ar dheoch agus cultúr na cócaireachta trí chéile chomh maith le mórcheisteanna a bhaineann leis; athchúrsáil agus inbhuanaitheacht.
Dáta: 4-23 Iúil
Áit: Dún na nGall
Ar go leor bealaí, is í Féile Ealaíne an Earagail is mó ar ár liosta, maireann sé coicís ar fhad agus reachtáilfear na himeachtaí dátheangacha i gceantair dhifriúla ar fud an chontae.