Tiocfaidh scríbhneoirí clúiteacha na Gaeilge le chéile chun Lá Idirnáisiunta na mBan a cheilúradh i dTeach an Ardmhéara, i mBaile Átha Cliath anocht. Léifidh úrscéalaithe, filí, blagadóirí agus iriseoirí óna saothair ag ócáid atá urraithe ag Foras na Gaeilge. Anuraidh a cuireadh tús leis an ócáid speisialta nuair a d'fháiltigh an tArdmhéara ag an am, Críona Ní Dhálaigh roimh scríbhneoirí agus léitheoirí araon.
Is í an scríbhneoir, Réaltán Ní Leannán a bhunaigh an ócáid agus is í Áine Ní Ghlinn (léachtóir agus scríbhneoir) a bheidh ina bean an tí. Beidh léamh, labhairt agus litríocht ann ó scríbhneoirí éagsúla, ina measc Biddy Jenkinson, Áine Durkin, Ciara Ní É, Katie Mc Greal agus Lisa Nic an Bhreithimh.
Fáilte roimh chách óna 7 go dtí'na 10 i dTeach an Ardmhéara, Sráid Dásain, Baile Atha Cliath.