Mothúcháin
Mhúin Múinteoir Clíona amhrán fíor-ghreannmhar dúinn inniu darbh ainm Bean Pháidín. Is é ábhar an amhráin seo an mothúchán éad. Is duine éadmhar í an t-amhránaí.
Tá an duine seo i ngrá le Páidín agus ba bhreá lei a bheith leis.
Cuireann Bean Pháidín éad an domhain uirthi. Go minic, pléann amhráin mothúcháin éagsúla a mhothaíonn gach duine ó am go ham.
Mothúcháin
Féach ar na pictiúir san íoslódáil.
Scríobh síos cén mothúchán atá le brath ag an duine i ngach pictiúr agus bhi na fregraí anseo freisin...
Éad - do thaithí féin
Déan cuir síos faoi uair amháin i do shaol nuair a bhí éad ort!
Cad a tharla?____________________________________________
Cad a chuir éad ort?______________________________________
An dtaitníonn an mothuchán seo leat?_______________________
Cleachtadh a dhéanann máistreacht
"Practise makes perfect"
Seo iad na liricí go léir den amhrán Bean Pháidín.
Bain triail é a chanadh arís agus i ndiaidh sin, cas an leathanach agus bain triail as uair amháin eile - GAN na liricíi an t-am seo!
Chomh maith leis sin, tarraing pictiúr in aice le gach véarsa, chun a thaispeáint cad atá ag tarlú sa véarsa sin.