skip to main content

Staid Léann na Gaeilge dá mheas in Ollscoil Notre Dame, Indiana

Breandán Ó Buachalla, scoláire agus acadóir a chaith seacht mbliain ina Ollamh le Gaeilge in Notre Dame.
Breandán Ó Buachalla, scoláire agus acadóir a chaith seacht mbliain ina Ollamh le Gaeilge in Notre Dame.


Don 11ú bliain as a chéile reachtáilfear siompóisiam Bhreandáin Uí Bhuachalla an deireadh seachtaine seo chugainn sna Stát Aontaithe.

Seimineár lae é seo de chuid Roinn Theanga agus Litríocht na Gaeilge, Ollscoil Notre Dame, agus Institiúid Mhic Eochaidh-Uí Neachtain um an Léann Éireannach le staid reatha agus le todhchaí Léann na Gaeilge a mheas agus a iniúchadh.

Máirín Ní Ghadhra le freastal ar an ócáid do RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Institiúd taighde is ea Institiúid Mhic Eochaidh-Uí Neachtain a dhíríonn ar staidéar agus tuiscint ar gach uile gné de chultúr na hÉireann. Bunaíodh an institiúd, a bhfuil nascanna aice le Mainistir na Coille Móire agus Coláistí na Tríonóide agus Ollscoil Chathair Átha Cliath i 1992. Tacaíocht airgid ó Donald agus Marilyn Keough as Atlanta Georgia a rinne maoiniú ar bhunú na hinstitiúide.

Bunaíodh ollúntacht sa nGaeilge agus Litríocht na teanga in 2003, an chéad cheann sna Stát Aontaithe le ós cionn céad bliain. Sé an scoláire Breandán Ó Buachalla a ceapadh. Is ina chuimhne atá an siompóisian an deireadh seachtaine seo á reachtáil.

Reachtáiltear léacht bhliantúil i Notre Dame ina chuimhne freisin.

Tá stair fhada ag an Institiúd ag plé le stair teanga agus litríocht na hÉireann agus anois mar chuid de Scoil Mhic Eochaidh i ngnóthaí domhanda tá an institiúd ag díriú go sonrach ar na polasaithe agus treóchtaí is coitianta in Éirinn inniu.

Déanfar plé ar ghnéithe éagsúla de Léann na Gaeilge mar dhisciplín acadúil agus mar ábhar taighde; aimseofar bearnaí agus laigí sa ghort taighde mar atá faoi láthair agus pléifear conas spriocanna ardaidhmeannacha a aimsiú agus conas aghaidh a thabhairt orthu. Beidh grúpa scoláirí idirnáisiúnta ó réimsí éagsúla léinn ag cur síos ar staid an disciplín, mar a fheictear dóibh é, agus ag moladh tograí taighde idirinstitiúideach.

Randy Frazier, ball den Náisiúin Potawatomi na bhFéarthalaimh, ag treoiriú rince. (Getty)


I measc na n-imeachtaí eile atá eagraithe mar chuid den siompósiam tá oíche chultúrtha le treibh de chuid bhundúchasaigh Mheiriceá, an Potawatomi, atá lonnaithe i Michigan in aice leis an ollscoil.

Beidh Aire na Gaeltachta, Dara Calleary, ina measc siúd a labhróidh leis na toscairí ar líne. Beidh Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, An Dr. Regina Uí Chollatáin, agus réimse eile cainteoirí ó ollscoileanna éagsúla ar fud na Stát Aontaithe agus na hÉireann ag freastal ag an gcomhdháil.

Beidh tuairisc faoi imeachtaí na comhdhála le feiceáil ar Nuacht TG4/RTE ar an Satharn 12 Aibreáin, chomh maith le agallamh ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.