Scríobhann Máirín Ní Ghadhra ar an spreagadh a fuair sí don tsraith nua, Mná na Méan a chraoltar Dé Céadaoin ar 13.30 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. 

Rith sé liom ag tús na bliana agus mé ag éisteacht leis an Raidió lá go bhfuil an difríocht idir fhir agus mná chomh bunúsach go bhfreagraíonn muid na ceisteanna céanna sa gcomhthéacs chéanna ar bhealaigh éagsúla.

Women are from Venus, Men are from Mars, mar a deir teideal an leabhair. I ré seo na meáin shóisialta, na trédhearcachta agus feachtais cosúil le "me too", smaoinigh mé go mbeadh sé spéisiúil dearcadh sainiúil na mban a fháil faoi cheird na hiriseoireachta agus na craoltóireachta.

Ins an tsraith labhairaim le mná a bhfuil taithí acu ar réimsí éagsúla sna meáin idir Raidio, teilifís agus nuachtáin.  Labhaireann muid faoi na cúiseanna éagsúla go ndeachaigh siad sa treo ina ndeachaigh agus na dúshláin a bhí, agus atá, rompu mar mhná san iriseoireacht. Sin gan trácht, ar na hathruithe tá ag tárlú sna meáin chumarsáide tré chéile ó lá go lá.

Máirín Ní Ghadhra

Mar chuid de gach clár iarraim ar an té go bhfuil mé ag caint lei scéal nó eachtra cinniúnach óna saol oibre a phlé liom.

Chuirfeadh na freagraí iontas ort.

I measc na ndaoine ata le cloisteáil sa tsraith, tá Áine Ní Chiaráin, Orla O'Donnell, Bernie Ní Fhlatharta, Lynette Fay, Sorcha Ní Riada, Sinéad Crowley, Katie McGreal agus Bríd Óg Ní Bhuachalla.

Is féidir leat éisteacht siar leis an gclár anseo.

 Craoltar Mná na Meán 13:30 - 14:00 Dé Céadaoin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta