Ní fada go mbeidh Féile Imeall Bhaile Átha Cliath buailte linn arís agus an ardchathair ar maos i seónna iontacha aisteacha iomadúla de gach saghas.
I mbliana beidh an fhéile ag comóradh tríocha bliain a bhunaithe agus cuirfear ar siúl 75 imeacht éagsúla - sin 520 cur i láthair i 29 láthair éagsúla, le 53 premiere domhanda ina measc.
Tá an cháil ar an bhféile as a nuálaí is a bhíonn na himeachtaí a chíorann gach saghas ábhar faoin spéir, is a bhaineann idir gol, geit, is gáire as an lucht féachana.
Roinnt den draíocht a bhaineann leis an bhFéile Imeall ná nach féidir leat a bheith cinnte cad tá romhat amach. Síneann roinnt de na léirithe seo amach ó teorainneacha traidisiúnta agus iad ag lúbadh is ag meascadh gnéithe éagsúla idir ceol, damhsa, greann, sorcas, tobchumadóireacht, agus eile.
Mar sin, cuir ort do chrios sábhála! Seo chugaibh réamhbhlaiseadh d'fhéile na bliana seo.
Ceol
Gaillimheach-Palistíneach í Róisín, a chuaigh go mór i bhfeidhm ar lucht féachana an Tommy Tiernan Show níos túisce i mbliana. Tá stíl shainiúil aici a fhíonn le chéile ceol Éireannach agus Arabach. Bunsaothar Róisín a bheidh sa léiriú seo idir cheol, filíocht, agus scannánaíocht. Ar son an Palestinian Children Relief Fund.

Television SexyTadhg
Mura bhfuil cur amach agat ar SexyTadhg go fóill - tapaigh an deis! Ó chonaic slua ar ardán Fhéile na Gealaí iad in 2019 tá siad ag fás is ag forbairt i gcónaí mar cheoltóir, thaibheoir, agus ball bródúil den chomharghrúpa AerachAiteachGaelach. Seó cabaret é seo a cheistíonn an dúspéis atá againn ar fad sna meáin agus conas a théann sé i bhfeidhm orainn mar shochaí.

Damhsa
Tearmann Aiteach / Queer Sanctuary
Fearghus Ó Conchúir & Isabella Oberländer
Is deas an Ghaeilge a fheiceáil in airde in ainm an tseó aiteach seo le Fearghus Ó Conchúir, damhsóir clúiteach as Rinn Ó gCuanach, agus Isabella Oberländer as an Ostair, a bhfuil cónaí uirthi i Luimneach. Is mó difear idir an mbeirt seo - tá siad d’inscní éagsúla, de ghlúnta éagsúla, agus de bhunús tíortha éagsúla. Leis an damhsa drithleach allasúil seo déanann siad céiliúradh ar an aiteach aisteach is féidearthachtaí na colainne.

Sorcas
Malignant Humour - Hannah Gumbrielle
Is taibheoir maide luascáin (trapeze artist) í Hannah Gumbrielle a bhíonn ag brath go tréan ar a corp dá healaín. Nuair a fuair sí an drochscéala go raibh ailse uirthi, ba gheall le feall é óna corp. Sa seó amharclainne seo léireoidh sí an taithí a bhí aici le hailse, eagla agus an cheimiteiripe ag baint úsáide as a scileanna sainiúla féin.

Greann
Smidiríní Julie Jay
Mar bhean ghrinn a tháinig an Duibhneach mná Julie Jay chun cinn ar dtús, sular thosaigh sí ar na podchraoltaí, ar an teililfís, agus ag scríobh seónna aonair fearacht Smidiríní - seó grinn i nGaeilge faoi throid mílaoiseach mná aonair agus í ag iarraidh fanacht tábhachtach.

Ní Féile Imeall go Dreamgun! Tá na seónna grinn seo á reáchtáil go rialta ó 2017. Úsáidtear scripteanna do scannáin cháiliúla mar bhunús an tseó, scríobhtar jócanna nua dóibh agus ansin cuirtear i láthair iad don slua gan cleachtadh ar bith! An gnáthbhuíon a chuireann Film Reads i láthair ná Tony Cantwell, Ronan Carey, Stephen Colfer, Finbarr Doyle, Gavin Drea, Vanya Eccles, Hannah Mamalis agus Erin McGathy.
Dé Máirt: Star Wars: A New Hope
Dé Céadaoin: Titanic
Déardaoin: The Lord of the Rings
Dé hAoine: Toy Story
Dé Sathairn (Matinee): Harry Potter and the Philosopher's Stone
Dé Sathairn: Willy Wonka and the Chocolate Factory
Dé Domhnaigh: The Shawshank Redemption

Ready, Steady, David O’Doherty
Beidh leantóirí David O’Doherty sásta a chlos go mbeidh an fear grinn ar ais lena seanmhéarchlár agus jócanna úrnua!

Daoine Óga
Boss Rob: A Masterclass For Aspiring Artists
Darren Yorke, Duffy Mooney Sheppard & Liam McCarthy
Seo chugainn Boss Rob, an t-ealaíontóir is fearr ar domhan agus é i mbun ceardlann ealaíne dírithe ar dhaoine óga 7-12 bliain d’aois agus a dteaghlaigh. Seó amharclainne idirghníomhaí é seo a úsáideann tobchumadóireacht agus greann agus é ag spreagadh na cruthaitheachta i measc an aosa óig.

An Amharclann
Ololufé ARÍNỌLÁTHEATRE
Ag an léiriú tumthach seo beidh an lucht féachana i lár bainise Nigéirí. Ag breacadh an lae ar lá a bpósta, pléann an bhrídeog agus an grúm le gach sonra a bhaineann le bainis - brú óna dtuismitheoirí, strus, grá, feall, agus (gan dabht) cúrsaí bídh!

Chicken Eva O’Connor & Hildegard Ryan
Cé hé Don Murphy? Éireannach bródúil, andúileach céataimín, buaiteoir Oscar, agus mar a tharlaíonn, sicín. Is scéal é seo faoi chumhacht agus leatrom, idir ollsmacht na meán agus tionscal domhanda na feola. Bhí sciob sceab ar thicéid do Chicken ag Féile Imeall Dhún Éideann anuraidh, áit ar bhuaigh sé an Filipa Bragança Award.

Baby Lianne O’Hara
Tá Camilla 36 agus tá leanbh uaithi. Is le greann dorcha, leochaileacht agus ionracas a scríobhann Lianne O’Hara faoi éad, bréaga, agus clinicí torthúlachta. Díoladh na haon ticéad dá dráma Fluff ag an bhFéile Imeall 2022.

Réalta na Meán Sóisialta
This Boy is Cracking Up Killian Sundermann
Tá Killian feicthe agaibh ar líne, ar RTÉ, Virgin Media, agus ag an Dublin Fringe 2022. Seo chugaibh a chéad seó grinn aonair. Pléifidh sé le ceisteanna féiniúlachta mar fhear a rugadh i Sasana do thuismitheoirí Gearmánacha, ach a d’fhás aníos anseo in Éirinn.

Notice Box Simon Hennessy
Más duine den 360,000 a leanann Simon Hennessy tú, seo chugat uair a chloig de sceitsí, amhráin agus greann, iad ar fad bunaithe ar an ngléas éilitheach inár bpócaí.

Trouble Denim - Shane Daniel Byrne
Chuaigh an fear grinn Shane Daniel Byrne i gcion ar phobal na tíre le linn na paindéime agus tá sé tar éis camchuairteanna a dhíol amach ó shin in Éirinn, sa Ríocht Aontaithe agus san Astráil.

Beidh Féile Imeall Bhaile Átha Cliath ar siúl ó 7 - 22 Meán Fómhair 2024. Níl sa mhéid sin ach blaiseadh den 75 imeacht a bheidh ar siúl mar chuid den fhéile! Téigh chuig FringeFest.com le léamh faoi na léirithe uile.