skip to main content

Athrú spóirt do shraith Underdogs 2023 - Sacar na mBan

Táthar ag athrú spóirt do Underdogs TG4 agus an tsraith iomráiteach anois ag tabhairt aghaidh ar Shacar na mBan den chéad uair!

Fad is a bheith foireann sacair na hÉireann ag tabhairt a haghaidh anonn ar an Astraláise do Chorn Domhanda FIFA na mBan 2023, beidh deis den scoth ag imreoirí ag bunleibhéal na gcumann dul ag imirt leis na foirne móra.

Tá Adare Productions agus TG4 sa tóir ar scuad de mhná uaillmhianacha atá sách cumasach, díocasach agus díograiseach le haghaidh ar thabhairt ar cheann de na foirne is fearr i bPríomhroinn SSE Airtricity na mBan.

Seo céim eile in obair TG4 tacaíocht agus tús áite a thabhairt do spórt na mBan atá á dhéanamh acu le blianta anuas. Thar na blianta, tá áit lárnach ag mná ag déanamh anailíse agus tráchtaireachta ar chluichí rugbaí agus CLG. I 2021, thosaigh TG4 clúdach a dhéanamh ar shraith náisiúnta scair na mban in Éirinn. Cuirfidh an tsraith Underdogs seo go mór le nós TG4 do thacaíocht a thabhairt don spórt go háirithe in am ina bhfuil an méid sin fuadar timpeall ag sacar na mban

Tá foireann underdogs sa tóir ar dhaoine atá níos mó ná 18 nó a bheidh 18 roimh an 3 Meitheamh 2023. Tá cúpla coinníoll curtha ar iarrthóirí; Is féidir le himreoirí sacair mná nach raibh ag imirt go gníomhach i bPríomhroinn SSE Airtricity na mBan le 3 shéasúr anuas iarratas a dhéanamh. Ní féidir le daoine a d'imir ar Leibhéal Idirnáisiúnta Sinsearach iarratas a dhéanamh áfach. An sprioc atá ag an gclár ná deis a thabhairt dos na daoine nach raibh mórán deiseanna bhrú chun cinn ar fáil acu cheana féin

Cé go raibh an seó i gcónaí bainteach le cluichí CLG. go dtí seo, ceapann Rónán Ó Coistealbha, Ceannasaí Spóirt TG4 gur iontach an deis é aghaidh a thabhairt ar shacar na mban anois. "Tá an tSraith Underdogs ina sraith sheanbhunaithe agus rialta i sceideal TG4 le roinnt blianta atá táimid ar bís don séasúr nua seo den tsraith iomráiteach. Is bliain ollmhór a bheidh inti i mbliana do Shacar na mBan agus táimid ag tnúth le bheith ag obair leis an FAI agus le Adare Productions agus an chéad scuad eide na Underdogs á chruthú acu."

Tá Underdogs tar éis imreoirí den scoth a chur os comhair an phobail le blianta anuas. Tá ainmneacha móra tar éis teacht tríd an gclár agus deiseanna a fháil a ghairm spóirt a fhorbairt as. Is leor a rá go n-aithneodh gach duine a leithéid do Kieran Donnehy agus Pearse O’Neill a bhrú ar aghaidh chun gairmeacha rathúla a bheith acu tar éis a ndeis a fháil ar an gclár. Cé hiad atá chun teacht chun cinn an uair seo? An tusa atá ann? Tá níos mó eolas ar fáil ag TG4.ie/underdogs

Is é Domhnach, 28 Bealtaine sprioc iarratais do shraith Underdogs 2023