skip to main content

Deis a bheith id' réalta theilifíse - Éisteachtaí Ros na Rún 2023.

Beidh criú an chláir ag taisteal timpeall na tíre go luath ag cur éisteachtaí ar siúil chun an chéad ghrúpa réalta eile a aimsiú don chlár. Tá meascán de rólanna difriúla i gceist, idir fhir agus mná atá os cionn 18 mbliana d'aois.

Is é Ros na Rún ar an dráma teilifíse Ghaeilge is faide ar an bhfód in Éirinn le 27 séasúr craolta go dtí seo. Thar na blianta tá siad tar éis plé a dhéanamh ar na téamaí is mó a thagann suas sa saol mar atá ar nós ciorrú coil, éigniú, dúnmharú, mídhílseacht, mí-úsáid leanaí agus léiríonn siad ag an am céanna an réaltacht agus an greann a bhaineann leis an saol laethúil.

Dar le lucht déanta an chláir, tá béim curtha ar ilghnéitheacht agus éagsúlacht sa chlár chun léiriú cothrom a chur amach ar an bhfíorshaol i nGaeltachtaí fud fad na tíre na linne seo. Is an fhoireann ag tabhairt súile chun cinn ar shéasúr 28, tá siad ag iarraidh chur leis sin agus breis carachtair nua a fhorbairt agus scéal na héagsúlachta, atá ag dul i méid ar fud shráidbhailte tuaithe agus Gaeltachta in Éirinn, a insint.

Is deis ollmhór iad na héisteachtaí seo d’aon duine le Gaeilge a bhfuil suim acu i gcúrsaí aisteoireachta. Beidh deis ag an té a éiríonn sna héisteachtaí obair a dhéanamh le foireann leathan do chriú agus aisteoirí de bhreis is 160 duine. Déantar taifead ar 82 eipeasóid thar 24 seachtain agus an fhoireann bunaithe ar sheit saintógtha ina n-oibríonn dhá stiúideo i sráidbhaile An Spidéil, Gaillimh.

Is comhléiriúchán atá i gceist le Ros na Rún idir an comhlacht léiriúcháin scannán agus teilifíse neamhspleách atá lonnaithe i nGaillimh agus i gConamara, Danú Media, agus Tyrone Productions as Baile Átha Cliath. Ina theannta sin faigheann Ros na Rún urraíocht ó XL Ireland, agus craoltar é faoi dhó sa tseachtain ar TG4 Dé Máirt agus Déardaoin ag 8.30pm agus cuirtear ollchlár Ros na Rún ar fáil Dé Domhnaigh ag 7.30pm. Tá Ros na Rún ar fáil freisin ar sheinnteoirí TG4 agus RTÉ.

Ba cheart d’aon duine a bhfuil ag iarraidh éisteacht a dhéanamh teagmháil a dhéanamh le lucht déanta Ros na Rún trí ríomhphost chuig leiriuchain@rosnarun.com nó glaoch a chur orthu ar 091 558400 roimh an 5ú Bealtaine 2023.

Is é Aoine, 5ú Bealtaine sprioc d’iarratais éisteachta