An ceiliúradh is mó ar cheol traidisiúnta na hÉireann le teacht beo ó chathair Luimnigh le linn an deireadh seachtaine seo. Déanfar ceiliúradh ar na ceoltóirí traidisiúnta is fearr sa tír ag Gradam Ceoil TG4 2023.
Seo an 26ú bliain do na Gradaim agus beidh an searmanas bronnta ar fad craolta beo ar TG4 ó Cheoláras na hOllscoile i Luimneach Dé Domhnaigh an 23 Aibreán ag 9.30pm.
Limerick seems a fitting venue for a celebration of Irish music given its great history of musical talent. The city has brought the world the likes of The Cranberries and Bill Whelan as well as being the home of the Irish Chamber Orchestra. Na Gradaim Cheoil will bring a traditional theme to music celebration in the Shannon-side city.
Ní hamháin gur searmanas bronnta í an ócáid seo, is deis don phobal é aitheantas a thabhairt do cheann do na traidisiúnta is ársa sa tír seo agus an tábhacht a bhaineann leis i 2023. Is iad Gradaim Ceoil TG4 an ceiliúradh is mó ar cheol traidisiúnta agus go ndéanfar ceiliúradh ar na ndaoine atá ag obair go crua chun í a chur chun cinn sa lá atá inniu ann. Cuirtear 'gradaim Oscar an cheoil thraidisiúnta' ar an ócáid agus ní haon ionadh é sin nuair a fheictear liosta buaiteoirí na ngradam don bhliain seo.
Tá liosta dos na ceoltóirí traidisiúnta is aitheanta agus is cumasaí fógartha mar bhuaiteoirí na ngradam i mbliana.
Ceoltóir na Bliana – Mick O’Brien
Amhránaí na Bliana – Síle Denvir
Ceoltóir Óg na Bliana – Méabh Smyth
Gradam Saoil – Fintan Vallelly
Cumadóir na Bliana – Maurice Lennon
Grúpa Ceoil na Bliana – Mick, Louise & Michelle Mulcahy
Gradam Comaoine – Frank McArdle
I measc na n-ainmneacha cáiliúla ar an liosta, iad atá aitheanta leis na blianta anuas, seasann Méabh Smyth, buaiteoir Ceoltóir Óg na Bliana amach. Is as Ard Mhacha do Mhéabh agus is fidléir í ó bhí sí an-óg. ‘Ní raibh an dara rogha agam sa bhaile’ a dúirt sí, ‘bhí ceol na fidle i gcónaí le cloisteáil timpeall an tí’ Is léir gur sheas na blianta do chleachtadh ceoil di agus í tar éis go leor gradam a bhuachan thar na blianta. Is speisialta an gradam Cheoltóir Óg na Bliana di áfach; ‘níor cheap mé riamh go mbeinn fiú ar an ngearrliosta, is ollmhór an onóir a bheith ainmnithe i measc na laochra eile seo agus táim bródúil go dtabharfaidh an gradam aitheantas do mo cheantar agus mo mhuintir sa bhaile chomh maith’

Méabh admits that there can be some pressure on her as a young person keeping such an old tradition as fiddle playing alive in 2023, ‘There is a bit, of course but the most important thing is continuing to develop the art and find new styles and ways of playing'
Mhol Méabh d’aon duine óg atá ag tosú amach leis an gceol nó atá ag iarraidh a gcuid ceoil a fheabhsú ‘lean leis agus gheobhaidh tú amach deiseanna agus eispéireas nach gcreidfeá ó thaobh cairdeas, pobal agus fiú taisteal de. Is iad na nascanna sóisialta cinn dos na rudaí is tábhachtaí i saol an cheoil’ Comhairle mhaith ó cheoltóir óg den scoth.
Gradam Ceoil TG4 will be broadcast live Sunday 23rd April at 9:30 on TG4