skip to main content

On Loss and Love: Róise & Frank

Peter Murphy and Rachael Moriarty, directors of Irish language film Róise & Frank ag caint le Seán Rocks ar Arena ar RTÉ Radio One faoi scannán nua.

Dúirt Rachel gur tháinig an smaoineamh seo chucu nuair a bhí siad ag plé na gcomharthaí a fheiceann daoine nuair a fhaigheann duine a bhí mór leo bás. Is i nGaeilge atá an scannán seo agus deir Peter agus Rachel cé nach raibh Gaeilge ar bith ag an madra ach gur éirigh go maith leis sa ról.

A woman in the throes of grief happens upon a dog with a stoic persistence and appreciation of hurling that reminds her of her late husband. This heart-warming new film depicts life after profound loss and what happens when normality resumes.

Tá an scannán suite in Rinn Ó gCuanach i gCo. Phort Láirge, áit a ndearnadh é a scannánú freisin, agus baineann sé le Róise (Bríd Ní Neachtain), baintreach mná atá ag streacailt go mór ó bhásaigh a fear céile, Frank, le déanaí. Is beag baint atá ag Róise anois leis an saol mór agus lena muintir, le teann bróin agus uaignis. Ach nuair a thagann madra fáin ar an láthair gan choinne, a leanann gach cor a dhéanann sí, tagann beocht i Róise arís agus í den tuairim gurb é a fear céile féin atá ar ais i bhfoirm an mhadra seo agus cuireann sí muinín i gcumhacht shíoraí na beatha chun leanúint ar aghaidh go dtí an chéad chéim dhóchasach eile.

Is scéal croíúil é Róise & Frank, scéal madraí giobacha, scéal a bhaineann le baintreach atá faoi mhéala, le cluiche náisiúnta na hiomána agus le léaró dóchais a aimsiú san áit is duairce, agus is scéal é atá ag mealladh croí an lucht féachana cibé áit ina bhféachtar air.

Tá Cillian Ó Gairbhí i bpáirt Alan Cranitch, mac Róise, sa scannán agus tá páirt freisin ag Ruadhán de Faoite, aisteoir óg nua as Rinn Ó gCuanach.

Tá Róise agus Frank sna pictiúrlanna timpeall na hÉireann anois