skip to main content

Cormac Begley ar a aistear pearsanta mar cheoltóir

Labhair an ceoltóir Cormac Begley ar The Rolling Wave ar RTÉ Radio One mar gheall ar an gcoirmcheoil Drawing from the Well a bhéas ar siúl sa Cheoláras Náisiúnta.

Ag caint ar an togra a rinne sé ar an gconsairtín agus an uirlis as a dtagann an chonsairtín, an jew's harp/ an trumpa don ITMA, dúirt Cormac go raibh sé faoi gheasa ag na huirlisí agus an tslí ar tháinig siad go hÉirinn.

Cé go bhfuil cáil ar mhuintir Uí Bheaglaoích as a gcuid ceoil agus amhránaíochta, chuaigh Cormac a bhealach féin leis an gconsairtín seachas an bosca ceoil a chasadh. Deir sé nach cinneadh coinsiasach ab ea seo ach go raibh sé faoi gheasa ag cruth agus cuma na huirlise seo ó aois óg agus nár thosaigh sé á chasadh go raibh sé déanach sna déaga.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Luann Cormac go bhfuil sé faoi thionchar a thimpeallachta i gCorca Dhuibhne agus an teaghlach cheolmar atá ag maireachtáil timpeall air.

Beidh Cormac le cloisteáil ar chuid den choirmcheoil Drawing from the Well a bhéas ar siúl sa Cheoláras Náisiúnta ar an 11 Meán Fómhair.

Éist le The Rolling Wave ar RTÉ Radio One ar an Domhnach ar a 9.