skip to main content

Cogadh san Úcráin: 6 mhí ar aghaidh

Ar Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta labhair Máirtín Ó Duibhir agus Nadia Dobrianska mar gheall ar Lá Neamhspleáchas na hÚcráine sé mhí ó thosaigh an chogadh ann.

Anailísí míleata agus iarbhall d'Óglaigh na hÉireann is ea Máirtín Ó Duibhir agus is Bainisteoir tionscnamh le hIonad Cearta Daonna ZMINA i gCív, ach í lonnaithe in Éirinn anois í Nadia Dobrianska.

Ag caint ar na ceachtanna atá foghlamtha faoin gcogadh seo, deir Ó Duibhir nach bhfuil airm na Rúise chomh héifeachtach agus a síleadh ag tús an chogaidh seo. Chomh maith leis an míthuiscint sin, deir Ó Duibhir go raibh muintir na hÚcráine i bhfad níos fearr á gcosaint féin ná mar a shíl go leor daoine.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

D'fhág Nadia an Úcráin ag tús an Chogaidh agus í ag teitheadh ón bhforéigean. Ó bhris an cogadh amach, deir Dobrianska go bhfuil go leor foghlamtha ag muintir na hÉireann faoin tír.

Maidir le cúrsaí teanga, tá Dobrianska den tuairim go bhfuil go leor daoine ag éirí as labhairt na Rúise mar gheall ar an ionsaí ar an Úcráin, ó bhlagadóirí go údair leabhar.

Éist le Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 5 agus 6.