Scríobhann an ceoltóir Ciarán Ó Maonaigh mar gheall ar a chlár nua, Gleann a' Cheoil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta atá ag tosú ag 7pm amárach, Déardaoin, ar RTÉ Raidió na Gaeltachta
Is pribhléid é an deis a bheith agam sraith cláracha a chur i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Tá cuimhní m'óige agus fuaim an raidió uilig measctha fríd a chéile. Ní raibh stáisiún ar bith eile ar an raidió sin sa chistineach, bhí an Trumpa agus sigs na gcláracha uilig ar nós an t-angelus sa teach, bhí siad ann agus sin a raibh dó.
Lean sin i rith i mo shaoil. Bhíodh Rónán Mac Aodha Bhuí ag coinneáil an chraic ag gabháil agus dár ndóigh suim ar leith agam féin sa cheol traidisiúnta le cláracha le Peadar Ó Riada, Mattie Jó Shéamuis, Tomás Ó Mistéal agus ina dhiaidh sin ag Neansaí Ní Choistealbha, Muireann Nic Amhlaoibh agus neart cláracha eile nach iad. Ó am go ham thiocfadh sraith fánach den cheol traidisiúnta ón Tuaisceart ach nuair a bhuail mé suas le lucht ceoil m'aois féin ag féilte ceoil bhí sé le brath go raibh siad ag éisteacht le RnaG ach ní morán le cláracha na gConallach.
Mar sin ní amháin gur pribhléid é ach is dúshlán é. Dar ndóighe, is ceoltóir mé féin agus tá paisean ar leith agam don cheol. Is maith liom an rud a sheasann amach, an rud atá éagsúil, is maith liom ceol aonarach, grúpaí ceoil, seán nós, amhránaithe a bhfuil a nglór féin acu, damhsa a bhfuil an tiúin le brath ann. Is maith liom ceol le croí agus anam ann agus a bhfuil doimhneacht agus dúchas le brath ann. Is treise an dúchas nó an oiliúint a deirtear, ach nuair atá meascán den dá chuid le chéile, thig leis an ceol sin duine bhogadh ar shiúl ua bhuaireamh an tsaoil. Sin an cinéal ceoil a bheas le cluinstin ar Ceol a' Ghleanna.
Éist anseo le Ciarán Ó Maonaigh ag caint le Rónán Mac Aodha Bhuí mar gheall ar a chuid ceoil féin ar Cheolta Uladh
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Ba mhaith liom go dtabharfadh Ceol a' Ghleanna éisteoirí ar thuras éagsúil ceoil achan oíche. Go mbeidh achan chlár lán de cheol maith siamsúil, go mbeidh téip as cartlann an raidió a chraoladh achan seachtain, seans nár chualathas an téip céanna sin le seal fada nó ar chor ar bith ón chéad lá gur taifeadadh é. Tá seoid iontacha ins an chartlann sin agus is fiú cluas éisteachta a thabhairt dóibh. Téipeanna le leithéidí John Simí Ó Dochartaigh, Seán McGuire & Josephine Keegan, Finbar Dwyer, Áine Bn Uí Laoi, Cití Eoghain Éamoinn agus go leor leor eile. Má tá mise ábalta graidhean comhthéacs a thabhairt don cheol i mbeagán focal déanfaidh mé sin, ach ba mhaith liom ligint don cheol seasamh ar a chosa féin don chuid is mo.
Tarlaíonn sé go bhfuil an chéad chlár le craoladh ar an lá go mbeadh m'athair mór Francie Mooney 100 bliain d'aois. D'fhoghlaim mé an fhidil, cultúr agus brí an tsaoil ar ghlúin Ghranda. Ba é an tionchar is mó ar mo shaol gan aon dabht. Chothaigh sé an ceol, an Ghaeilge agus an cultúr ionam agus dá bharr sin tá mé a dhul a úsáid a bhreithlá mór le píosaí ceoil agus scéalta beaga fánacha fá dtaobh de a chraoladh lena cheiliúradh.
Tá mé fíor bhuíoch do RTÉ Raidió na Gaeltachta uilig a thug an deis seo domh agus do Damien Ó Dónaill as a chuid ama, foighide agus a chuidiú uilig agus mé ag cur an chéad chlár seo i gceann a chéile.
Mar sin tá súil agam go mbeidh sibhse, na héisteoirí, liom ar Ceol a' Ghleanna, achan Déardaoin óna 7in ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Beidh fearadh na fáilte romhaibh uilig.

Tosaíonn Ceol a' Ghleanna amárach, Déardaoin, 28 Aibreán ag 7pm ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.