Tá sé fógartha ag RTÉ Raidió na Gaeltachta go bhfuil an ceoltóir iomráiteach as Tír Chonaill, Ciarán Ó Maonaigh, le clár ceoil nua a chur i láthair ar an stáisiún, ag tosú ar 28 Aibreán.

Ceol a'Ghleanna an teideal a bheas ar an gclár, a chraolfar gach Déardaoin ag 7 pm.

Rogha ceoil Chiaráin a bheas le cloisteáil ann, ábhar cartlainne agus ábhar comhaimseartha san áireamh, ó laochra móra an cheoil thraidisiúnta, agus beidh bá nádúrtha le ceol Thír Chonaill ar ndóigh!

Dúirt Ciarán Ó Maonaigh:

"Is onóir mhór domhsa, agus RTÉ Raidió na Gaeltachta ag ceiliúradh caoga bliain ar an aer i mbliana, clár ceoil a chur i láthair as Tír Chonaill le mo rogha de na hamhráin agus den cheol is mó a chuaigh i bhfeidhm orm agus mé ag éisteacht leis an raidió ó bhí mé i mo ghasúr óg."

Is ceoltóir agus stiúrthóir teilifíse é Ciarán Ó Maonaigh, as Gaoth Dobhair ó dhúchas.Tagann sé ó theaghlach atá sáite sa cheol, agus bhí tionchar mór aige sin air, go háirithe a athair mór agus a mhúinteoir ceoil Francie Mooney, agus baill Altan, Mairéad Ní Mhaonaigh agus Frankie Kennedy.Bíonn Ciarán ag obair mar cheoltóir aonair, agus i gcomhar le ceoltóirí eile, go háirithe a bhean chéile Caitlín Nic Gabhann, ceoltóir consairtín agus damhsóir.Tá sé ina bhall freisin de The High Seas, le Caitlín agus Cathal Ó Curráin, agus den ghrúpa Fidil le Aidan O’Donnell agus Damien McGeehan, agus tá ceithre halbam curtha amach acu siúd le chéile.Bronnadh an gradam Ceoltóir Óg na Bliana TG4 air sa bhliain 2003.Tá cuid mhór oibre déanta ag Ciarán san earnáil teilifíse, cláracha faisnéise ceoil go háirithe.Bhí sé ina stiúrthóir ar chúig shraith den chlár 'Sé mo Laoch faoi laochra an cheoil thraidisiúnta a craoladh ar TG4, agus rinne séobair stiúrtha ar an gclár faisnéise Francie Mooney – Áit i Mo Chroí.

Dúirt Damien Ó Dónaill, Bainisteoir Réigiún an Tuaiscirt:

"Tá muid iontach sásta a bheith ag cur leis an chraoladh atá againn as RTÉ Raidió na Gaeltachta i nDún na nGall leis an chlár úr ceoil seo, agus gur ceoltóir cumasach aitheanta cosúil le Ciarán Ó Maonaigh a bheas ina bhun.Tá borradh mór faoi chúrsaí ceoil sa chontae seo agus tchínn muid sin ar leac an dorais againn anseo agus an obair mhór atá déanta ag an Chrann Óg leis an aos óg.Tá muid ar maos sa cheol le grúpaí ar nós Clannad, Altan, Clann Mhic Ruairí agus The High Seas i measc go leor eile, agus tá muid ag súil anois le níos mó de cheol na gConallach agus Chúige Uladh a chloisteáil sa chlár úr seo le Ciarán."

Beidh Ceol a’Ghleanna le cloisteáil gach Déardaoin ag 7 pm ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, ag tosú ar 28 Aibreán.