Sa tsraith chartlainne seo i sceideal an fhómhair, déanfar plé ar ghnéithe éagsúla de shaol agus de shaothar Sheáin Uí Riada, a cailleadh sa bhliain 1971 in aois 41 bliain.
Amárach, cloisfidh muid cur síos ar an dá ghrúpa ceoil is mó raibh baint ag an Riadach leo, Ceoltóirí Chualann agus Cór Chúil Aodha. Cloisfidh muid agallaimh le hÉamon de Buitléar agus Seán Ó Sé, beirt a bhí sa ghrúpa Ceoltóirí Chualann. Labhrann siad faoin gcóiriú nua a rinne Seán Ó Riada ar an gceol traidisiúnta, agus nár ghlac an pobal leis ag an tús. Bhí Riobard Mac Góráin ina Leascheannasaí ar lipéad ceoil Ghael Linn nuair a tháinig Ceoltóirí Chualann ar an tsaol, agus labhrann sé faoin taobh sin de, agus gur thóg sé tamall ar an bpobal suim a chur sa ghrúpa nua seo. Cloisfidh muid cuntas ó Eibhlín Ní Mhurchú ar an gceolchoirm cháiliúil a bhí ag Ceoltóirí Chualann in amharclann an Gaiety i Márta 1969, ceolchoirm a cuireadh ar fáil mar albam ina dhiaidh sin.
Faoi dheireadh, beidh Dónall Ó Liatháin agus an tAthair Donncha Ó Conchubhair ag cur síos ar Chór Chúil Aodha dúinn agus obair an Riadaigh leis an gcór. Cloisfidh muid freisin cur síos ar shochraid Uí Riada ó Sheán Ó Sé. Is é Diarmuidín Ó Súilleabháin a chuirfidh an clár i láthair.
This archive series broadcast as part of the autumn schedule describes the life and work of musician and composer Seán Ó Riada, who died fifty years ago this year. Tomorrow, the programme will be focused on the two musical groups most associated with Ó Riada, Ceoltóirí Chualann and the Cór Chúil Aodha choir. We'll hear an interview with Éamon de Buitléar and Seán Ó Sé, two members of Ceoltóirí Chualann.
They’ll speak about Ó Riada’s groundbreaking arrangements for traditional music, and how they weren’t accepted at first by the public. Riobard Mac Góráin, who was Assistant Director of music label Gael Linn at the time, speaks about their albums, and how they were a slow burn with the public, but that sales went through the roof after the Gaiety concert. Eibhlín Ní Mhurchú remembers the now-legendary concert in the Gaiety in 1969, which was later released as an album by Gael Linn. Finally, we’ll hear Dónall Ó Liatháin and an tAthair Donncha Ó Conchubhair talk about Ó Riada’s work with the Cór Chúil Aodha choir, and we’ll hear Seán Ó Sé talk about the day of Ó Riada’s funeral. Diarmuidín Ó Súilleabháin presents the programme.
RTÉ Raidió na Gaeltachta, Dé hAoine 8 D Fómhair / Fri 8 Oct 2.05 pm