Is bealach álainn í an léitheoireacht le do scíth a ligean chomh maith le cur le do chuid samhlaíochta. Is lá speisialta é an lá inniu chun am a fhágáil ar leataobh le bheith ag léamh.
Ar an Déardaoin, an 25 Feabhra, tá cuireadh á thabhairt againn do dhaoine de gach aois tamall a chaitheamh i mbun léitheoireachta.
Cén fáth? Gné thábhachtach de d'fholláine mheabhairshláinte é do scíth a ligean agus rudaí a thaitníonn leat a dhéanamh (cosúil le léamh).
Tabhair gealltanas thíos agus caith súil ar an méid nóiméad atá geallta ag daoine ar fud na hÉireann a chaitheamh ag léamh ar an Déardaoin, an 25 Feabhra.
Scaip an scéala maidir le haoibhneas na léitheoireachta agus spreag daoine eile chun imní an tsaoil a ligean i ndearmad trí leabhar a léamh trí úsáid a bhaint as na póstaeir agus as na hacmhainní eile atá ar fáil anseo chun d'imeacht a phoibliú.
Má tá moltaí uait chun leabhair Ghaeilge a roghnú, féach anseo