Roghnaigh Áine Ní Ghlinn, Laureate na nÓg, 10 leabhar dóibh siúd atá ag iarraidh líon na leabhar Gaeilge a léann siad a ardú.
Idir léitheoireacht éadrom agus téacsanna níos troime a roghnaigh Áine dóibh siúd atá ag iarraidh nós léitheoireacht i nGaeilge.
Seo a mhol sí:
Gan iad a bheith in ord faoi leith, seo na leabhair Ghaeilge atá molta ag Áine Ní Ghlinn i gcomhair @LeabhraFeabhra ...
— Tús Áite le Fachtna Ó Drisceoil (@TusAite) February 17, 2021
Bailiúchán filíochta agus próis don chéad mholadh: 'Gaillimh, Díolaim Cathrach' foilsithe ag @CloIarChonnacht – @boconch1 a roghnaigh
Cnuasach gearrscéalta molta ag Áine don dara leabhar: 'Inní' le @RealtanNiL, foilsithe ag @eabhloid
— Tús Áite le Fachtna Ó Drisceoil (@TusAite) February 17, 2021
Bailúchán gearrscéalta foilsithe ag @CloIarChonnacht ag uimhir a 3: 'Le Gean agus scéalta eile' le Mike P. Ó Conaola
— Tús Áite le Fachtna Ó Drisceoil (@TusAite) February 17, 2021
Gearrscéalta aistrithe ón mBéarla ag Mícheál Ó Conghaile ag uimhir a 4: 'Rogha Scéalta' le Liam Ó Flaithearta, foilsithe ag @CloIarChonnacht
— Tús Áite le Fachtna Ó Drisceoil (@TusAite) February 17, 2021
Úrscéal do dhaoine fásta don chúigiú moladh: 'Tairngreacht' le Proinsias Mac a Bhaird, foilsithe ag LeabhairCOMHAR (@IrisComhar)

Leabhar filíochta ag uimhir a 6: 'thángamar, chonaiceamar, cosamar' le hAndreas Vogel, foilsithe ag Coiscéim
— Tús Áite le Fachtna Ó Drisceoil (@TusAite) February 17, 2021
Dírimid ar léitheoirí óga anois agus dhá leabhar leis an seachtú moladh: 'Cá bhfuil Teidí?' agus 'Cloisim Rud Éigin!' le @macdhtadhg, foilsithe ag @futafata
— Tús Áite le Fachtna Ó Drisceoil (@TusAite) February 17, 2021
4 leabhar do pháistí 3-8 mbliana d'aois leis an 8ú moladh! 'Ríta agus an Lampa Draíochta' le @MyraZepf agus Mr Ando agus 'Muireann agus an Teach Solais' le Malachy Doyle agus Andrew Whitson, foilsithe ag @An_tSnathaid ...
— Tús Áite le Fachtna Ó Drisceoil (@TusAite) February 17, 2021
In éineacht le 'Scunc agus Smúirín' le Muireann Ní Chíobháin agus 'Geansaí Otto' le Sadhbh Devlin, foilsithe ag @futafata
— Tús Áite le Fachtna Ó Drisceoil (@TusAite) February 17, 2021
Labhraímid faoi leabhair dóibh siúd 8 mbliana d'aois agus níos sine ag uimhir a 9: 'Ar Strae' le @PatriciaForde1, foilsithe ag @futafata agus 'Lúba' le hAlan Titley, foilsithe ag @AnGumFnaG
— Tús Áite le Fachtna Ó Drisceoil (@TusAite) February 17, 2021
Leabhar dóibh siúd 10 mbliana d'aois agus níos sine leis an moladh deireanach: 'An Eala Órga' le Gabriel Rosenstock, foilsithe ag @AnGumFnaG
— Tús Áite le Fachtna Ó Drisceoil (@TusAite) February 17, 2021
Craoltar Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine óna 5 go dtí'na 6.