Labhair Seán Mac an tSíthigh ar Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta leis an bhfeirmeoir Micheál Ó Céilleachair faoina chuid iarrachtaí tacú leis an timpeallacht.

Admhaíonn Mícheál go bhfuil 30% de na gasanna atá ag cur isteach ar an bhfeirmeoireacht ag teacht ó thionscadal feirmeoireachta, idir methane agus nitrogen oxide. Tá Mícheál páirteach i dtionscnamh a fhéachann le laghdú a dhéanamh ar an leibhéal astaíochtaí ó thancanna aoiligh agus leasú talún. Deir sé go bhfuil sé ag súil le go ngearrfar síos ar na greenhouse gases a scaoiltear de bharr an tionscnaimh seo. 

Corca Dhuibhne

Tá Mícheál sásta aghaidh ar thabhairt ar athrú aeráide le teicneolaíocht cé go ndeir sé go mbíonn faitíos ag baint lena leithéid, in amanna.

"Is maith an rud dul chun cinn a dhéanamh. Ní haon mhaith a bheith ag seasamh san áit chéanna an t-am ar fad abair, uaireanta nuair a thagann teicneolaíocht, bíonn eagla orainn roimh an teicneolaíocht."

Craoltar Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 5 agus 6 ón Luan go hAoine.