Labhair Cormac Ó hEadhra le painéal an Luain ar Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoina gcuid tuairimí ar an gcur chuige nua atá á chur i bhfeidhm maidir le díolúine a fháil ón nGaeilge sa chóras scolaíochta ó mhí Mheán Fómhair ar aghaidh. 

Is iad Tony Fahey, Ollamh le Polasaí Sóisialta, UCD, Michelle Seoighe, Bainisteoir Díolacháin agus Margaíochta Gaelchultúr, Anne McCabe, Scríbhneoir agus Stiúrthóir Teilifíse, Gearóid Ó Murchú, Úinéir An Spailpín Fánach, Ceoltóir a bhí ar an bpainéal. 

Deir Tony Fahey  go bhfuil roinnt daoine den tuairim gur 'céim eile chun an tacaíocht a laghdú don Ghaeilge sna scoileanna' é an cur chuige seo agus faoi láthair go bhfuil 'suas go 10% ag fáil díolúine' agus go bhfuil an seans ann go méadófaí an figiúr sin feasta. 

Tá Gearóid Ó Murchú den tuairim go dtiocfaidh 'an-bhrú' ar phríomhoidí na tíre an díolúine a thabhairt agus go mbeidh gá le monatóireacht a dhéanamh ar phríomhoidí agus scoileanna araon ach cheistíonn sé cé a dhéanfadh a leithéid de mhonatóireacht?

Scrúdú Ardteiste

Molann Michelle go mbeadh córas nó caighdeán a leagann síos maidir leis an gcur chuige seo mar d'fhéadfadh tionchar nach beag a bheith ag meon an phríomhoide ar an díolúine seo. 

Deir Anne go bhfuil 'teip iomlán ar an gcóras Ardteistiméireachta', dar léi, tá cluichí agus amhráin ag baint le teagasc na teanga ar an mbunleibhéal ach go gcailltear an 'spraoi' a bhaineann léi, mar theanga.

'Tá an fhadhb ollmhór', a deir Michelle, tá sí den tuairim go bhfuil múinteoirí ann nach bhfuil an Ghaeilge á labhairt go líofa ach gur socrú eatramhach é seo in ionad dul i bhfeidhm leis an bhfadhb mhór.

Craoltar Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 5 agus 6 Luan go hAoine