"scríobhann gach saghas duine chugam cosúil le daltaí scoile nó daoine fásta ag rá go bhfuil suim acu sa Ghaeilge anois agus go bhfuilim ag tabhairt cabhair dóibh..."

Bean óg atá ag dul i bhfeidhm ar Ghaeilgeoirí agus ar fhoghlaimeoirí na Gaeilge ar fud na cruinne í Megan O'Connor nó mar is fearr aithne uirthi ar Instagram @muinteoirmeg. Leis na mílte leantóirí nó followers ar Instagram is amhlaidh go bhfuil úsáideoirí Instagram gafa leis an gcuntas seo. Cuntas ina bhfaightear cúrsaí faisin, bia, taistil agus traenála ach an rud is fearr faoi? – tá chuile rud go hiomlán as Gaeilge.

Is múinteoir meánscoile í an Instagrammer Meg nó @muinteoirmeg, atá ag spreagadh Gaeilgeoirí agus foghlaimeoirí na teanga, an Ghaeilge a úsáid agus a labhairt go laethúil ar an ardán sóisialta Instagram, agus ag cruthú íomhá níos nua-aimseartha don teanga chomh maith. 

Ag labhairt le @muinteoirmeg, d’inis sí dom faoin Ghaeilge ar-líne agus í ag fás agus ag forbairt, an grá atá aici don teanga, chomh maith leis an chaoi ina bhfuil sí ag múscailt suim na ndaoine ar-líne sa teanga.

Ba í cairde @muinteoirmeg a mhol an bhean óg cuntas Instagram Gaeilge a chruthú. Dúirt sí gur mhol siad é seo a dhéanamh "ionas go mbeadh daltaí agus gach duine in ann mo chuid éadaí agus mo chuid traenalá agus gach rud a fheiceáil. Bhí fiú mo chairde féin ag baint an-sult as an nGaeilge, mar ní bhíonn go hiondúil an deis ag daoine nuair a fhágann siad an scoil an Ghaeilge a chloisteáil nó í a fheiceáil go háirithe ar na meáin shóisialta."

Dúirt Meg nuair a bhí an cuntas ina thús, thug a cara glaoch amach nó shout out di ar Instagram agus tháinig na leantóirí chuig leathanach Meg. Bhí thart ar 500 leantóirí aici ar feadh tréimhse agus d’fhás an cuntas mar sin. Ní féidir a shéanadh ach go bhfuil an cuntas IG ag dul ó neart go neart le beagnach 9’000 úsáideoirí ag leanúint an cuntas inniu as gach cearn den domhan! Maidir leis na staitisticí ar a cuntas, deir Meg go bhfuil na leantóirí atá aici úsáideoirí atá idir ocht mbliana déag d’aois agus cúig bliana is fiche d’aois an méid is mó.

D’inis @muinteoirmeg dom go mbíonn daoine ó cheann ceann an domhain ag leanúint an chuntais;

"daoine a gcónaíonn i gCeanada, i Meiriceá, cailín amháin sa Phortaingéil, scríobhann siad ar fad chugam. Agus go háirithe chomh maith, múinteoirí in Dubai, mar yeno téann siad chuig Dubai agus ní bhíonn an Ghaeilge á múineadh acu ansin, so scríobhann siad chugam agus deir siad go bhfuil sé an-deas an teanga a chloisteáil, mar ní bhíonn an deis acu í a múineadh ansin. Bhí buachaill amháin, san Astráil agus scríobh sé chugam agus dúirt sé go raibh sé ag iarraidh an Ghaeilge a fhoghlaim agus chuala sé, níl a fhios agam conas, ach chuala sé faoi mo chuntas so yeah thosaigh sé!"

Bíonn Meg i dteagmháil lena leantóirí go rialta ag labhairt leo agus ag tabhairt cabhair dóibh ó thaobh na gramadaí de, nó ceisteanna maidir leis an teanga. Dúirt Meg go gcuirtear ceisteanna uirthi fiú aistí a cheartú uaireanta!! Ag labhairt faoi achmhainní ar líne ó thaobh na Gaeilge de, d’inis @muinteoirmeg dom go bhfuil an teanga ag fás ar líne agus gur féidir leat do phróifíl Facebook a chur trí Ghaeilge, agus gur féidir leat do ghuthán a athrú go Gaeilge chomh maith! É sin ráite, ceapann sí go mbeidh ar aipeanna forbairt a dhéanamh leis na mionteangacha. Aip faoi leith a léirigh Meg ná 'SwiftKey Keyboard’, leis an aip seo is féidir leat an Ghaeilge a úsáid ar do ghuthán agus déanann sé uathcheartaigh ar do chuid Gaeilge, agus dár léi bíonn sé cruinn formhór na hama.

Agus muid ag maireachtáil i ré seo na teicneolaíochta, tá daoine inniu (go háirithe an t-aos óg) gafa leis na gutháin phóca ach dár le @muinteoirmeg is bealach iontach iad na meáin shóisialta chun daoine óga na tíre nó duine ar bith a spreagadh chun an Ghaeilge a labhairt go rialta nó a fhoghlaim. Bíonn stór focal i ngach postáil a roinneann Meg, mar sin bíonn sé breá simplí na habairtí a léamh agus na focail a thuiscint. 

"tugann sé deis do dhaoine a bheith ag foghlaim i mbealach atá neamhoifigiúil b’fhéidir nó i mbealach indíreach agus iad ag baint sult as. Níl siad ina suí sa seomra ranga ag éisteacht leis an guth céanna, ag plé na hábhair cosúil le mo cheantar, mo scoil agus mar sin de. Ar líne, is féidir leo breathnú ar faisin, éadaí, bia éagsúil, taistil, nó mar shampla ar mo chuntas féin, pléann mé rudaí cosúil le bróinse nó déanaim focal an lae ina mbíonn focail nua-aimseartha á roinnt agam cosúil le crop-top, MUA nó Avocado!"  

"Ní chloiseann tú na focail sin ar scoil, ar nós "coinne Tinder" nó Tinder date, yeno tá na focail nua-aimseartha mar sin ag taisteáil, mar tá muidne ag fás agus ag forbairt agus caithfidh an Ghaeilge an rud céanna a dhéanamh! Níl na focail ar fad againn as Gaeilge, ach is féidir linn iarracht iad a chruthú."

"I honestly don’t remember the standard of Irish that I had in primary school. I don’t remember particularly struggling with it but I don’t remember thinking that this is what I’m going to do."

Not being a native Irish speaker nor not ever attending a Gaelscoil, Meg told me that her love for the language awoke after attending the Gaeltacht one summer and even said; "I would not be who I am and do what I do today if it was not for the Gaeltacht." By writing new words and phrases into her "leabhar nótaí" (notebook) this is how @muinteoirmeg improved and perfected her standard of Irish, she also mentioned on one occasion writing new words up along her arms when she forgot to bring her "leabhar nótaí" with her!! Picking up the cúpla focal everyday helps with learning the language by expanding your vocabulary so much more.

 When talking about getting to grips with the Irish language Meg advised; "Don’t get so down if you don’t understand everything." Learning any new language can be a daunting and challenging task, here are some tips that @muinteoirmeg suggests to follow when learning Irish or even improving your level of the language.

1. If you have the opportunity to do so – go to the Gaeltacht.

2. Follow the Gaelgeoirí online on Instagram like @muinteoirmeg.

3. Keep a notebook and write down any new words you learn.

4. Question everything, especially grammar! The more questions you ask the easier it gets!

5. Don’t be afraid to make mistakes, particularly when in conversation.

Her keen interest in fashion is apparent throughout the page and she says that on her page you’ll learn how to say "ankle boots" or "jumpsuit". So if you fancy brushing up on phrases like "I’m wearing jeans and a crop top tonight" Meg will definitely have it covered!

Meg stressed that her IG account doesn’t focus only on exams and study notes as she wishes to appeal to all lovers of the language, any age or any level. While you will find tips and hints for grammar and new words, the page is a space for anyone with an enthusiasm for fashion, food, travel, training and of course Gaeilge!