Labhair Darach Ó Tuairisg, Bainisteoir Fíbín, An Dr Siobhán Nic Fhlannchadha, Ball de bhord na Taibhdheirce agus Caoimhe Ní Chathail, Duine de lucht eagraithe Fhéile na Gealaí  agus Liú Lúnasa faoin moladh go mbunófaí eagraíocht do na healaíona Gaeilge

Cé go bhfuil Darach buíoch den mhaoiniú a fhaigheann Fíbín ón gComhairle Ealaíon, deir sé nach leor é agus 'nach bhfuil freastal á dhéanamh i gceart ar na healaíona Gaeilge'. Tá 'brú millteanach' ar na maoinitheoirí Gaeilge, Foras na Gaeilge agus Ealaíon na Gaeltachta cé go bhfuil 'obair iontach' ar siúl acu.

Tá 'constaiceanna iomlán difriúil' ar chomhlachtaí ealaíona nach bhfuil lonnaithe laistigh den M50 agus cuirtear na comhlachtaí seo i gcomparáid le comhlachtaí na hardchathrach, rud a dhéantar mar chuid de phróiséas an Chomhairle Ealaíona, a deir Ó Tuairisg. 

Caoimhe Ní Chathail

Luaigh an Dr Nic Fhlannchadha go mbeadh 'timire' úsáideach le léargas a fháil ar na healaíona Gaeilge atá ag titim ach timpeall na tíre. D'aontaigh Caoimhe Ní Chathail le Siobhán agus í ag caint ar an deacracht a bhaineann le riarachán na bhféilte atá á mhaoiniú ag na forais seo ach go bhfuil siad 'sáite sa pháipéarachas agus dá mbeadh deis acu gan a bheith chomh tógtha leis an bpáipéarachas úd go bhfeicfidís go bhfuil imeachtaí iontacha ag tarlú 'fud fad an 32 contae seo'.

Deir Ó Tuairisg nach bhfuil aon duine 'go sonrach' ag plé leis na himeachtaí Gaeilge sa Chomhairle Ealaíon agus go gcabhródh sé dá mbeadh go dtuigfidís cad atá ar bun sna healaíona Gaeilge. Ar an bpointe céanna, deir Caoimhe go mbíonn an-deacracht ag coistí atá lonnaithe ó thuaidh maoiniú a fháil mar go bhfuil míthuiscintí ann maidir lena bhfuil ar bun 'ar an talamh'. 

Maidir le hábhar na n-imeachtaí, deir Caoimhe 'is cuma cén teanga ina bhfuil sé', má tá an imeacht spéisiúi tiocfaidh na daoine, 'ní gá d'achan imeacht Gaeltachta agus Gaeilge a bheith faoin nGaeilge' ach gur gá do na húdaráis é sin a choinneáil i gcuimhne agus iad i mbun maoinithe.

Craoltar Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaelachta idir 5 agus 6 Luan go hAoine.