Labhair Catherine Connolly, T.D le Cormac Ó hEadhra ar Tús Áite, ar RTÉ Raidió na Gaeltachta mar gheall ar thorthaí na tuarascála ón gComhchoiste Oireachtas ar an gcraoltóireacht Ghaeilge. 

Deir Catherine Connolly, T.D., a bhí ina cathaoirleach ar an gComhchoiste Oireachtais a réitigh an tuarascáil seo go bhfuil 18 moladh sa tuarascáil seo agus gur 'moltaí stuama' atá iontu. Deir sí gur léir ón taighde a rinneadh go bhfuil an reachtaiocht maidir le craoltóireacht i nGaeilge míshásúil agus go bhfuil na míreanna 'lag' agus 'tá gá le hiad a threisiú'. 

Ní easpa tola is cúis leis na bearnaí atá maidir le craoltóireacht i nGaeilge, a deir sí ach 'easpa tuisceana' in áiteanna. Tá cloiste aici go bhfuil 'an Ghaeilge maidir maraithe maidir le dea-thoil' ach nach bhfuil ag éirí leis an gcraoladh i stáisiúin éagsúla na tíre.

Maidir le cás RTÉ agus tuarascáil an Choimisnéara Teanga a luaigh nach bhfuil RTÉ ag comhlíonadh a chuid dualgais, deir an Teachta Dála Connolly go dtuigtear di go raibh tréimhse sé mhí tugtha don chraoltóir teacht ar ais chuig an gCoimisnéir ach go bhfuil síneadh ama anois lorgtha ag RTÉ. 

Craoltar Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir Luan go hAoine óna 5 go dtí 6.