Labhair Bláthnaid Ní Chofaigh agus Siún Ní Dhuinn le Michelle Nic Grianna ar Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi Lá Idirnáisiúnta na mBan.
Luaigh Bláthnaid go raibh níos mó ná lá amháin i gceist leis an gceiliúradh i mbliana agus go raibh meascán de scéalta dearfacha agus scéalta diúltacha a bhaineann le mná sa tseachtain sin. Deir sí go raibh deacracht fós ann maidir líon na bhfear atá páirteach i gcur chun cinn na mban.
Cén chaoi nach bhfeiceann siad gur cheart dóibh a bheith linn?
Deir Siún go n-aithníonn sí go bhfuil deacrachtaí ag daoine áirithe leis an gceiliúradh ach gur cheart dúinn a bhfuil pribhléid orainn féachaint níos faide orthu sin nach bhfuil sin orthu i dtíortha i gcéin. Luann Siún reifreann na bliana seo caite mar éacht atá bainte amach ag sochaí na hÉireann maidir le cearta na mban ar a gcoirp féin.
D'aontaigh Bláthnaid agus Siún cé go bhfuil go leor bainte amach maidir le cothromaíocht in Éirinn nach bhfeicfidh ceachtar acu cothromaíocht iomlán ina saoil siúd.

Craoltar Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Luan go hAoine idir 17.00 agus 18.00