Labhair Bláthnaid Ní Chofaigh le Cormac Chambers, eagarthóir na féile ceoil Nasc ar an gclár Bláthnaid Libh Dé Sathairn seo caite. Beidh an fhéile ar siúl ar an 25ú Bealtaine 2019, i bPáirc Mharlaí, Dún Laoghaire, Baile Átha Cliath.

Féile Cheoil Nasc

Féile pobail agus clainne is ea féile cheoil Nasc. . Duine ar bith a d’fhreastail ar an bhféile Longitude, bheadh cur amach acu ar an limistéar VIP, sin an áit a mbeidh an fhéile Nasc ar siúl. Is é an sprioc atá ag eagarthóirí na féile ná fuinneog a thabhairt don cheol Gaelach, agus an ceol dúchasach.

Tá an-chuid ceoil sa cheantar sin mar gheall ar Chraobh Naithí, Coláiste Eoin agus mar sin de, ach ní fheiceann na daoine áitiúla an ceol sin dar le Cormac. Bheartaigh Cormac agus a dheartháir gigs beaga a eagrú chun a fháil amach an raibh suim sa cheantar ann, agus bhí an-shuim. Is í an aidhm atá ag Cormac agus a mhuintir, ná an bunús seo a chur síos do cheol Gaelach agus ceol na ndaoine i bPáirc Mharlaí, agus iad ag súil go reáchtálfar an fhéile gach bliain as seo amach.

Páirc Mharlaí

Beidh siúlóidí dúlra le haghaidh páistí á n-eagrú acu agus beidh Óga Yoga ag reáchtáil yoga do na páistí freisin. 

Seo a leanas na ceoltóirí a bheidh ag seinm ann: Liam Ó Maonlaí, Ray Black Band Folk, The Bonny  Men, Liam O’ Connor, Lad Lane, Problem Area, agus deirfiúr Chormaic - Róisín Chambers.

Costas na dticéad: €35 ar ghnáth-thicéad agus €30 do mhic léinn agus do dhaoine +65 agus tá páistí saor in aisce.

Craoltar Bláthnaid Libh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta maidin Shathairn ó 1015 go dtí 12.00.