Labhair Áine Ní Bhreisleáin le Michelle Nic Grianna faoin taisme bóthair ar tharla i gceantar Ghaeltacht Dhún na nGall oíche Dhomhnaigh ar Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

D'inis Áine do Mhichelle go raibh muintir an phobail go fóill ag iarraidh dul i ngleic, 'ag iarraidh an t-eolas a ghlacadh isteach', leis an timpiste uafásach ar tharla inár maraíodh ceathrar fear óg, Mícheál Roarty, Shaun Harkin, Daniel Scott, agus John Harley. 

Ón uair gur bhris an scéal, deir Áine nach bhfuil daoine 'ag caint ar rud ar bith eile' agus go bhfuil 'atmaisféar iontach dorcha' agus an ceantar ag réiteach do cheithre shochraid. Luaigh sí go bhfuil tuairisciú go leor déanta ag an stáisiún maidir le timpistí a tharla sa chontae ach go bhfuil an timpiste seo difriúil mar go bhfuil sé 'ar leac an dorais'.

Luann sí go bhfuil eolas fós á lorg ag Gardaí áitiúla chun an pictiúr is iomláine a thabhairt do na teaghlaigh maidir leis an timpiste. 

Craoltar Tús Áite Luan go hAoine idir 17.00- 17.55 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta