Labhair Áine Ní Ghlinn le Michelle Nic Ghrianna ar Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi na leabhair Ghaeilge atá á bhfoilsiú i láthair na huaire.
Deir Áine go raibh iontas uirthi faoi líon na leabhar Gaeilge nua atá ag teacht amach san Earrach.
Do dhaoine óga:
Luann Ní Ghlinn go bhfuil aistriúchán ó Bhéarla go Gaeilge ag teacht ó Futa Fata ar leabhar clúiteach Julia Donaldson, The Smartest Giant, An Fathach is Breátha sa Tír. Leabhar véarsaíochta é seo do pháistí a raibh an-tóir air i mBéarla.
Ag fanacht le réimse na ngasúr, tá Ná Gabh ar Scoil le Myra Zepf anois ar fáil in Spáinnis chomh maith le go leor teangacha eile- leabhar é seo a bhfuair an leagan Bhéarla-Mheiriceánach, léirmheas an-dearfach sa New York Times le gairid.
Tá leabhar nua le Myra Zepf, Nóinín le foilsiú go luath, leabhar atá scríofa mar úrscéal véarsaíochta ina bhfuil dhá ghuth ag insint leaganacha den scéal céanna.
Cúpla scéal nua de chuid Asterix foilsithe as Gaeilge le déanaí atá 'an-mhaith' agus deir Ní Ghlinn ní bheadh 'fhios agat gur aistriúcháin atá iontu.
Do dhaoine fásta:
Úrscéal nua le Réaltán Ní Leannáin le foilsiú go luath (Cois Life), scéal atá lonnaithe i Malta.
Leabhar le Pádraig Ua Maoileoin, nach maireann – Fonn a níos Fiach agus Eachtra Ghiolla an Amaráin le file siúlach, Donncha Rua Mac Conmara.
Craoltar Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 17:00 - 17:55