Labhair muid le Rónán Mac Con Iomaire, Grúpcheannasaí Gaeilge le RTÉ agus údar, Rocky Ros Muc agus an leagan Béarla, The Man Who Was Never Knocked Down faoin mbliain a bhí aige agus a bhfuil roimhe anois.
An ndeachaigh Bliain na Gaeilge i bhfeidhm ort?
Chuaigh agus ní dheachaigh. Mar dhuine ag obair i mBÁC, bhí tionchar le feiceáil ag an mBliain ar an mór-phobal. Mar dhuine a bhfuil cónaí air sa nGaeltacht, ní mórán a bhí éagsúil le hais blianta eile.
Déan cur síos ar an mbliain i dtrí fhocal:
Céim ar chéim.
Cén buaicphointe craoltóireachta a bhí ag RTÉ, i do thuairim?
An Seisiún, sraith Chian Mac Cárthaigh agus Lisa McGeough ar RTÉ RnaG. Idir ceol agus cur i láthair, bhí sé thar cionn.
An raibh scéal nuachta ar bith a sheas amach duit le linn na bliana?
Go hidirnáisiúnta, bhí an oiread scéalta nuachta áiféiseacha i gcaitheamh na bliana go raibh sé ar nós bheith i lár stoirm staire. Mar shlat tomhais ar ghreim na heaglaise ar shochaí na hÉireann, sheas toradh an reifrinn maidir leis an ochtú leasú amach.
Tá tú ar tí an eagraíocht a fhágáil le dul i mbun oibre le hÚdarás na Gaeltachta- cad iad na ceachtanna a d'fhoghlaim tú in RTÉ a thabharfaidh tú leat?
- Bainfidh tú i bhfad níos mó amach trí bheith ag obair i gcomhar le daoine agus le heagrais eile.
- Tá fuinneamh agus dearfacht i leith na Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht nach raibh ann scór bliain ó shin, agus deis ansin le tapú.
- Is mó luach i gcónaí a bhaineann le plean ná mar a bhaineann le dea-thoil.
Cad leis a bhfuil tú ag súil ón mbliain atá romhainn?
Go gairmiúil, an deis bheith ag obair sa nGaeltacht, ar mhaithe leis an nGaeltacht. Go pearsanta, níos ama a chaitheamh le mo chlann ó tharla go mbeidh mé ag obair agus ag cónaí ar an taobh céanna den tír!
Is féidir blaiseadh de leabhar Rónáin a léamh anseo