Gach seachtain ar a clár, Malairt Poirt le Muireann ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, roinneann an t-amhránaí, ceoltóir agus láithreoir, Muireann Nic Amhlaoibh, a rogha ceoil lena lucht éisteachta.

Lá brónach eile inniu do phobal ceoil na hÉireann, chailleamar an laoch ceoil Alec Finn, suaimhneas síoraí dó. Bhí Alec ar dhuine de na daoine a bhunaigh an grúpa ceoil Dé Danann i dteannta Frankie Gavin, Johnny 'Ringo' McDonagh agus Charlie Piggot.
B'as Sasana ó dhúchas dó ach bhí sé ina chónaí in Óran Mór i gCo na Gaillimhe le blianta fada. Bhi sé aitheanta mar dhuine dos na seinnteoií bouzouki ab fhearr sa cheol Gaelach agus bhí tionchar nach beag aige ar fhorbairt na huirlise anso in Éirinn. Anuas ar a cheol bhí sé mar ealaíontóir agus léiritheoir ceoil chomh maith. Mo chomhbhrón ó chroí lena chlann is a chairde. Beidh roinnt de cheol Alec agam ar chlár na seachtaine seo chughainn, ach go dtí sin, seo píosa álainn a sheinn sé beo i dteannta Franie Gavin ar an gclár Cursaí i 1988.
Thar n-ais go ceoil na hoíche amaraigh agus beidh mé ag seimint rian ón ngrúpa nua Landless atá ag éirí go hiontach leo le dénaí. Grúpa nua iad de cheathrar mhná a channan gan tionnacan uirlise ach a úsáideann armóin ina gcuid amhránaíochta. Chanadar go hálainn ar fad ag na RTÉ Radio 1 Folk Awards agus táim ag éisteacht leo ó shoin.
Mar is gnáth, beidh cúpla phíosa agam ó thíortha eile. Seo Uxia ón nGailís ar chas mé léi is mé ag taifead an clár Port i rith a tSamhraidh. Grand Dame an cheoil Gailíseach a tugtar uirthi
Craoltar Malairt Poirt le Muireann oíche Shathairn ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 7 agus 9.