Scríobhann Muireann Nic Amhlaoibh, amhránaí, ceoltóir agus láithreoir faoina ról nua mar láithreoir raidió ar chlár ceoil, Malairt Port le Muireann ar RTÉ Raidió na Gaeltachta a thosóidh Dé Sathairn, 13 Deireadh Fómhair ag 7 i.n.

Ba chúis mhór áthais dom nuair a thug Dara Ó Chinnéide, bainisteoir Radio na Gaeltachta i mBaile na nGall, cuireadh dom mo chlár ceoil fhéin a chuir i láthair. Tar éis na blianta a chaitheamh ag éisteacht le RnaG agus ag bualadh isteach go minic le haghaidh agallaimh nó seimint, braitheam ar mo shuaimhneas ann cheana fhéinigh.

Is féidir liom an an aeróg mór a fhesicint óm’ thigh ar thaobh na sléibhe i gCorca Dhuibhne, ní fada an turas é. Tá foireann fhuinniúil, spreagúil ag obair ann agus ní foláir go mbíonn ana chuideachta acu fad is a mbíonn siad i mbun oibre! Táim ag súil go mór a bheith sa studió leo níos minicí.

Malairt Poirt le Muireann is ainm don gclár agus beidh sé á chraoladh go seachtainiúil ón Satharn an 13ú Deireadh Fomhair óna 7-9in. Is mór an méid é dhá uair a chloig a líonadh le ceol! Toisc an clár a bheith á chraoladh roimis a 9in níl cead aon liricí Béarla a úsáid, mar sin beidh an líon a scaipeadh agam agus, cé go mbeidh béim ar an gceol Gaelach, beidh ceol ó thíortha eile le clos chomh maith. Ba eispéaras ar leith é dom a bheith ag taisteal ar fuaid an domhain mar cheoltóir agus thug sé deis dom aithne a chur ar ghrúpaí agus chultúrthaí eile, idir cheol na Briotáine agus amhránaíocht na Bulgáire!

Amach anso tá sé ar intinn agam seisiúin beo a bheith agam le ceoltóirí agus iad a chur fé agallamh. Is breá liom nuair a mhíníonn daoine a gceird dom, agus is cinnte go meidh spéis ag na héisteoirí ann chomh maith.

Mar sin bígí liom, ar a 7im, an Satharn an 13ú Deireadh Fomhair ar Radio na Gaeltachta do "Malairt Poirt le Muireann"

N.B. Éinne gur dheas leo a gceol a sheoladh go Muireann dá clár, is féidir é a chur go Raidió na Gaeltachta, Baile na nGall, Trá Lí, Co. Chiarraí nó a sheoladh go leictronach go info@muireann.ie