skip to main content

Malairt Poirt le Muireann: I gcuimhne ar Mhícheál agus mórán eile!

An tseachtain seo ar Mhalairt Poirt le Muireann, déanfar ceol álainn Mhícheál Uí Shúilleabháin a cheiliúradh chomh maith le hómós speisialta do dhraíocht na bpíob chomh maith le Skara Brae a d'athraigh tírdhreach an cheoil agus ceol comhaimseartha Moxie. 

An Satharn seo beidh ómós á thabhairt againn do Mhícheál Ó Súilleabháin agus a shaothar ceoil, tar éis scéala a bháis a fháil dé Céadaoin, rud a bhain preab asainn ar fad. Tá alt iomlán fé leith scríofa agam fé Mhícheál anseo, ach seo blaiseadh dá cheol aoibhinn a bheidh á chlos againn ar an gclár. Suaimhneas síoraí air.

An Satharn an triú lá de mhí na Samhna ab ea Lá Idirnaisiúnta na bPíobaí Uilleann, mar sin ar chlár na seachtaine seo beidh agallamh a chur agam ar an bpíobaire Nollaig Mac Carthaigh fé an lá úd agus beidh rogha againn ó chúpla píobaire. Seo duine dóibh, Patsy Touhy, a mhair ó 1865 go 1923. Tá cáil nach beag ar a stíl theann agus an máistreacht a bhí aige ar an uirlis.

Beidh ceol nualaíoch againn chomh maith ó ghrúpa óg atá ag baint amach cáil dóibh fhéin, sin iad Moxie. Is as Sligeach dóibh agus úsáideann siad uirlisí traidisiúnta chun ceol nua a chruthú maraon le drumaí agus uirlisí leictronach.

É sin agus mórán eile ar chlár na seachtaine seo. Bígí le Muireann ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, oíche Shathairn óna 7-9pm.