Scríobhann an t-amhránaí, ceoltóir agus láithreoir, Muireann Nic Amhlaoibh faoin aithne a bhí aici ar Mhícheál Ó Súilleabháin agus faoina chuid ceoil agus faoina bhfuil fágtha ina dhiaidh aige.

Tá laoch ar lár inniu. Chailleamar duine de mhór-cheoltóirí agus cumadóirí na tíre an tseachtain seo. Fear a bhí mar cheannródaí i dtaobh ardáin agus aitheantais náisiúnta agus idirnáisiúnta a thabhairt dár gceol traidisiúnta.

Bhí Mícheál Ó Súilleabháin mar iar-léachtóir agam agus mé ag freastal ar Ollscoil Luimní, bhí sé mar phearsa mór na hOllscoile, bhí a chuid ceoil le clos go minic agus é á sheimint aige ag coirmeacha lóin nó ag ócáidí ar fuaid na cathrach. Bhí sé mar fhuaimrian na hOllscoile ar fad. Bhi Mícheál lárnach i ngluaiseacht acadúl an cheoil, rud a bhí fós réasúnta nua don gceol traidisiúnta. Iar-scoláire ab ea é de Sheáin Uí Riada agus do lean sé is cur sé le módh an Riadaigh, ag tabhairt deis do dhaoine staidéar a dhéanamh go hacadúil ar ár gceol ndúchasach fhéínigh.

Nuair a chanas leis sa Cheoláras Náisiúnta i 2011, b’eisean a chruthaigh an nasc idir mé agus na ceoltóirí clasaiceacha a bhi ag seimint linn. B’eisean a thug misneach dom agus a chuir ar mo chompord mé.  Bhí draíocht sa tionlacan a thug sé do Slán le Máigh an oíche úd, chuir sé le huaisleacht an amhráin mar gur léir go raibh grá agus tuiscint aige dó. Bhí ómós le clos ina chuid seimint.

Tá a lorg fágaithe aige ar cheol na tíre seo,  idir leithéidí Casadh, Oileán agus na taifid iontacha eile a dhein sé, an clár ceannródaíoch teilfíse A River of Sound, agus an obair fhiúntach acadúil a dhein sé i dtaobh an cheoil thraidisiúnta.

Beidh cuimhní agam dó sa chaifé i bhfoirgneamh Dháimh Chruinne Éireann, ag caint os ard go háthasach le gach éinne, é ag cur fáilte roimis chuairteoirí, ag tabhairt camchúirte dóibh timpeall na hollscoile, ag déanamh bolscaireachta ar son an Dáimh Chruinne. Carachtar  mór ab ea é, fear pobail, agus is deacair cuimhneamh ar an áit gan é. Táim cinnte go bhfuilid go léir fé bhrón inniu, agus go bhfuil easnamh mór le braistint ar fuaid na hollscoile agus Cathair Luimní inniu. Mo chomhbhrón lena chlann, a chairde, is a chomhghleacaithe go léir.