Labhair Mairéad Ní Mhaonaigh le hÁine Ní Chuirreáin ar Bharrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi ainmniúchán Altan ag RTÉ Radio One Folk Awards agus faoi ról na mban sa cheol.
Deir Mairéad go bhfuil 'tábhacht mhór' leis na RTÉ Radio One Folk Awards mar nach raibh ceoltóirí Éireannacha ag fáil aitheantais a bhí ag dul dóibh le blianta anuas. Tá albam nua de chuid Altan The Gap of Dreams ainmnithe d'albam na bliana agus tá 'comhluadar iontach' acu sa rannóg, a deir Mairéad.
Beidh Mairéad le feiceáil i sraith teilifíse 'Cosán Cheoil' a thosóidh ar RTÉ One Dé hAoine seo ag 20.30, áit a mbeidh ról na mban sa cheol traidisiúnta faoi chaibidil aici. Deir sí gur annamh a bhíodh ceoltóirí ban ann san am a chuaigh thart 'ní raibh na mná páirteach sa cheol mórán...chomh luath agus a mbeadh páistí acu, stadfadh siad ag seinim ceol uirlise mar ní raibh fáil cleachtadh a dhéanamh'.
I láthair na huaire, deir sí go bhfuil cúrsaí inscne i réimse an cheoil 'ag athrú cuid mhór agus biseach ag teacht air'.
A new fresh sound is driving traditional musical forms in Ireland and Scotland - COSÁIN CHEOIL Dé hAoine @RTEOne 20.30
— RTÉ_Scannal (@RTE_Scannal) September 24, 2018
Sa chéad eagrán de Chosáin Cheoil, beidh ceol beo ó Doimnic Mac Giolla Bhríde, Zoe Conway & John Mc Intyre & @andyk_irvine
Scaip an scéal pic.twitter.com/dK1wRRpcdu
Beidh RTÉ Radio One Folk Awards ar siúl i mBaile Átha Cliath 25 Deireadh Fómhair. Is féidir leat ticéid a chur in áirithe anseo.
Craoltar Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 11:02 - 12:00 Luan-Aoine.