skip to main content

Ceol na teanga agus na RTÉ Radio One Folk Awards

Labhair Muireann Nic Amhlaoibh le Helen Ní Shé ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta maidir lena hainmniúcháin do dhá ghradam ag na RTÉ Radio One Folk Awards a bheidh ar siúl ar an 25 Deireadh Fómhair in Vicar Street.

Deir Muireann nach raibh sí ag súil le haon ainmniúchán agus nach duine í a thaitníonn iomaíocht léi ach go bhfuil sé go deas a bheith i measc siúd atá ar dhá ghearrliosta, ceoltóir na bliana i dteannta Iarla Ó Lionáird, Radie Peat, Declan O'Rourke agus Lisa O'Neill agus traic na bliana do Bhean Dubh a' Ghleanna.

Tá Muireann anois níos compordaí ag ceol i nGaeilge ná i mBéarla mar go bhfuil sí den tuairim go bhfuil 'go bhfuil sí chomh ceolmhar mar theanga'. Síleann sí go mbaineann sin leis an áit a bhfuil sí ag cur fuithí anois agus í timpeallaithe ag an teanga, níos mó ná mar a bhí sí agus í i Luimneach agus Baile Átha Cliath. 

Beidh na RTÉ Radio One Folk Awards ar siúl in Vicar St ar an 25 Deireadh Fómhair.

Craoltar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 12.08 agus 1.00 ón Luan go hAoine.