Inniu, Lá Néarón Luadrach go hidirnáisiúnta, labhair an scríbhneoir, Caitríona Hastings le Fionnuala Uí Neachtain ar Iris Aniar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta mar gheall ar an ngalar atá uirthi le tamaill anuas.
Le linn samhradh 2016, thug Caitríona faoi deara go raibh sí ag titim as a seasamh, gan aon chúis:
'Taobh istigh de choicís, thit mé ceithre huaire, b'fhéidir'
Dúirt sí nuair a thit sí go raibh sé 'contúrtach' agus gur gortaíodh í. Chuaigh Caitríona chuig dochtúir leis an bhfadhb agus cuireadh ar aghaidh í chuig saineolaí. Rinneadh scan ar intinn Chaitríona ach níor aithníodh go raibh aon ní mícheart léi; dúradh léi gur dóiche gur bróga Chaitríona a bhí ag cur as di. Ina dhaidh sin, d'aithin sí go raibh a cos chlé 'ag sleamhnú'.

Chaith Caitríona tréimhse ag freastal ar dhochtúirí éagsúla go dtí go bhfuair néarolaí amach gur galar néarón luadrach a bhí ann i mí Eanáir, 2017. Nuair a tugadh an nuacht di, dúirt Caitríona gur baineadh 'preab' aisti agus dúirt sí go raibh sé ar nós 'buama' a phléascadh.
Chuaigh Caitríona i dteagmháil leis an eagraíocht a phléann leis an ngalar, Irish Motor Neuron Disease Association agus thug siad tacaíocht di agus deir sí gur mór an faoiseamh a thug sin di agus a teaghlach.
Deir Caitríona go bhfuil sí 'suaimhneach' inti féin agus 'ag dul ar aghaidh go measartha maith'. An tosaíocht is mó atá roimh Chaitríona agus a teaghlach anois an saol rompu, cuí a chur ar an teach ach go háirithe. Maireann Caitríona 'ó bhomaite go bomaite' cé go bhfuil a cuid fadhbanna lena corp ag dul in olcas ó rinneadh diagnóis uirthi.
Is féidir níos mó a fhoghlaim faoin ngalar anseo
Craoltar Iris Aniar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 9.15-10.15 ar maidin, Luan go hAoine.