Iris Aniar

Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé hAoine 22 Márta 2019

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár irise á chur i láthair ó cheannáras Raidió na Gaeltachta i gCasla.

Aodán Mac Donncha, Bainisteoir Chomhlacht Forbartha an Spidéil.

Fógraíodh inné go bhfuil beannacht an Bhoird Phleanála faighte ag Uisce Éireann le ionad cóirithe séarachais a thógáil sa Spidéal. Tuigtear go bhfuil comhairle dlí dhá fháil anois ag daoine i gceantar an Spidéil, a bhí mí-shásta leis an áit atá roghnaithe don ionad cóirithe séarachais.

Dr. Niall Ó Cléirigh, Dochtúir Teaghlaigh.

Inniu lá Lus an Chrom Chinn agus beidh daoine ar fud na tíre ag díol bláthanna ar mhaithe le hairgead a bhailiú do Chumann Ailse na hÉireann le lear mór seirbhísí a chur ar fáil do dhaoine le hailse.

Liam Ó Maolaodh, Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge.

Tá an tOireachtas ag glacadh le hiarratais faoi láthair do Chomórtas Liteartha an Oireachtais. Is é an aidhm atá leis na Comórtais Liteartha ná litríocht agus nua-scríbhneoireacht na Gaeilge a chur chun cinn agus scríbhneoirí óga nua a mhealladh le dhul i mbun pinn. Tá an comórtas ar an bhfód anois ó 1897.

Eoin Ó Loideáin, as an gCeathrú Rua.

Tá Eoin Ó Loideáin linn arís ar maidin agus neart scéalta aisteacha aige ó Éireann agus ar fud an domhain.

Twitter

Facebook

Sonraí teagmhála

irisaniar@rte.ie

1850 665522
+353 91 506677

51553

80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.

Láithreoir/Presenter: Séamus Ó Scanláin
Léiritheoir/Producer:  Treasa Bhreathnach, Fionnuala Uí Neachtain

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís