Ní fíor i gcónaí gur maith an scáthán súil caraid. Ní fíor, ná gur báúil lucht aon cheirde. Tá Caitlín an tSiopa ar ais agus fáinne fí na léirmheastóireachta idir chamáin aici an babhta seo.

Ní hí an éagóir is éagóirí amuigh. Ar an chuid is measa de, cuirtear cupla pingin amú ar leabhar gan mhaith, nó baintear an gus d’údar bocht éigin. Ach is fadhb í fáinne fí na léirmheastóireachta atá ag dul in ainseal in Éirinn le blianta beaga anuas, sa dá theanga náisiúnta, agus cuireann sé an pip orm mar léitheoir, scríbhneoir agus díoltóir.

Seo, go hachomair, mar a thiteann sé amach. Scríobhaim dréacht de shaothar. Scríobhaim athdhréacht. Má tá ciall ar bith agam, scríobham an treas dréacht agus leanaim orm ag fuinneadh is ag fáscadh go dtí go mbeidh dealramh éigin ag mo pheata beag le píosa scríbhneoireachta. Céasaim cairde le ceisteanna agus taispeánaim an saothar do dhuine nó beirt. Dá mbeadh ádh agus acmhainní ar láimh, ag an phointe seo thiocfadh eagarthóir i mo chomhar agus is móide go mbainfeadh an bastard na giotaí ab ansa liom amach le croí éadrom, damnú air.

Faoin am go bhfeicfeadh mo pheata beag solas an lae, más ea, bheadh ar a laghad trí phéire súl i ndiaidh é a ghrinniú go géar. Má tá aon mhaith déanta, ní bheidh aon clanger rómhór fágtha agus beidh mé ag súil le léirmheas tomhaiste a chíorann idir mhaith agus olc, mar a bhíonn in achan phíosa oibre beo.

An fhadhb, áfach, ná nach bhfásann eagarthóirí ar chrainn agus nach mbeathaíonn na briathra iad. Ní hacmhainn do go leor foilsitheoirí eagarthóireacht mar is ceart a dhéanamh sula bhfoilsíonn siad leabhar. Go minic, mar sin, is ar chrann an léirmheastóra a thiteann sé na lochtanna a nochtadh don údar, ach an iarraidh seo os comhair an tsaoil mhóir, agus táille ag dul dó as.

Éiríonn rudaí casta as seo amach. I bprionsabal, tá lánchead ag léirmheastóir - dualgas orthu, fiú - lochtanna an tsaothair a phlé go tomhaiste tuisceanach. Cén aidhm atá leis an sciúrsáil phoiblí seo? Dhá aidhm: le nod a thabhairt do léitheoirí cad é air is fiú am is airgead a dháileadh, agus le haischothú a thabhairt don údar le súil is go spreagfaidh an méid sin é nó í chun machnaimh. Is fiú an tairbhe an míchompord, ach é a dhéanamh i gceart.

"Creidim i mo chroí istigh gur féidir léirmheas cáinteach a scríobh gan aon ghangaid. Cuimhnímis gur chuig mianach an tsaothair a mheas, seachas mianach an údair, atá léirmheas."

Ní fios riamh cén splanc inspioráide a bhualfaidh éigsín ádhúil lá breá éigin, agus scríobhann muid ar fad truflais uaireanta fosta. Ní caill don léirmheastóir aon fhiacal a chur ann má leanann sé an mána simplí Béarla, ‘play the ball, not the man’.

Éasca péasca lemon scuéasa, a deir tú. Fóill ort! Níl an cultúr folláin frainc sin againn in Éirinn. Admhaíonn léirmheastóirí go hoscailte nach scríobhfaidh siad léirmheas cáinteach, rud a ligeann léitheoirí síos agus a íslíonn caighdeán na léirmheastóireachta agus na leabhar i gcoitinne. Tá sé níos pléisiúrtha agus níos éasca saothar a mholadh, agus go tobann is dána a labhradh thar chionn chách i gcultúr an bhaothghairdeachais. Éiríonn léirmheasanna chomh leamh sin nach fiú iad a léamh agus nach dtrustann léitheoirí iad.

Anois is arís foilsítear léirmheas ionsaitheach neamhthrócaireach leis an lasóg a chur sa bharrach agus seo chugainn Jeremy Kyle na litríochta. Níl aon mhaith déanta agus leoga tá olc. Agus bí cinnte go mbeidh scuaine ag fanacht le saothar an léirmheastóra sin a stróiceadh as a chéile má bhíonn sé de dhánacht aici rud éigin a fhoilsiú go brách arís.

"Cad é réiteach na faidbhe mar sin? Ní hansa. Ná scríobh léirmheas do do chairde. Ná scríobh léirmheas faoi do naimhde. Scrúdaigh do choinsias, abair do chiud, cuir d’ainm leis agus seas leis. Bí tomhaiste, bí tuisceanach, agus bí ionraic."

Athbhunaimis an scéím léitheoireachta mar chuid de chlár na leabhar Gaeilge. Oilimis Gaeil sa cheard. Tuigimis go bhfuil sé de phribhléid an phobail mhionlaithe a gcuid rialacha féin a scríobh agus nach gá dúinn cloígh le plámás nó sriantacht na mórtheanga. Ligimis do léirmheastóirí scríobh ina rogha gutha. Tuilleadh Titleys atá uainn!

Spreagaimis an léitheoireacht Ghaeilge ionas nach iad an dream céanna a scríobhann agus a mheasann. Tuigimis an luach atá le tuairim mheáite ó dhuine seachtarach, ach tuigimis fosta nach bhfuil ann ach tuairim agus nach lia iad ná léitheoirí.