Labhair Helen Ní Shé leis an leifteanant, Jason O' Brien ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta atá ag dul chuig an Mheánmhuir i mbun tarrthála le Cabhlach na hÉireann ar bord an LÉ Samuel Beckett.

Beidh Jason agus an fhoireann ar fad imithe ar feadh 3 mhí i mbun tarrthála agus ag iarraidh na daoine atá ag déanamh gnó as na teifigh a chur ó mhaith. Deir Jason go bhfuil sé deacair ar an bhfoireann imeacht óna theaghlach ach go háirithe:

"Corruair, tá sé níos deacra ar an dream atá fanta sa mbaile ná tá sé againne 'dhul síos ar an long. Beidh muid gnóthach an lá uilig thíos ann, ag sábháil daoine, ag déanamh go leor obair."

Beidh 60 duine ar an long a fhanfaidh trí mhí ag obair le teifigh, idir lucht leighis agus foireann an Chabhlaigh. Deir Jason go bhfuil pleananna á gcur le chéile ag Cabhlach na hÉireann agus na foirne eile a bheidh thíos ann ón Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil agus ó Shasana chun teacht i dtír orthu atá ag déanamh iarrachta teifigh a smuigleáil trasna na farraige. Deir Jason go gcuirtear daoine  'i mbáidíní beaga bídeacha nach bhfeicfeá taobh amuigh de chuan Ros A' Mhil iad, ná bac faoi sa Mediterranean'.

An leifteanant, Jason O' Brien agus Captaen Ciara Ní Ruairc

Is le muinín agus dearcadh dearfach atá Jason ag dul chun oibre cé go bhfuil 'fhios aige go bhfeicfidh sé rudaí uafásacha. Cé go bhfuil an traenáil chuí curtha air, deir sé nach féidir le haon traenáil a chur ort chun dul i ngleic le coirp a aimsiú san uisce.

"Tá seans go bhfuil mé chun leaid eicínt óg a tharraingt amach as an uisce agus 'súil agam go mbeidh sé beo ach níl 'fhios againn.", a dúirt sé.

Craoltar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 12.08-1.00 ón Luan go hAoine.