skip to main content

The Camino Voyage- idir gol is ag gáire

Labhair Breandán Ó Beaglaoich le Helen Ní Shé ar An Saol Ó Dheas faoin scannán The Camino Voyage a thaispeánfar mar chuid den fhéile scannán atá ar siúl sa Daingean i láthair na huaire.

Tugann an scannán spléachadh dúinn ar thuras a rinneadh thar trí bliana ó Éirinn go dtí an Spáinn i naomhóg. Bhí na bádóirí drogallach go leor faoin gcriú scannánaíochta a thabhairt leo ach deir sé go raibh siad ag iarraidh 'teitheadh ón saghas sin ruda'.

Ar deireadh, bhí foireann 'naomhóg na tinte' sásta an criú a bheith leo agus deir sé gur éirigh leo 'na laethanta ab fhearr ar an bhfarraige agus an lá ba mheasa' nuair a cailleadh Danny Sheehy agus iad ar an turas. Dúirt siad gur oibrigh an criú 'de ló is d'oíche' agus go bhfuil tairge na hoibre sin le feiscint anois i scannán Dhónal Uí Cheilleachair. 

Danny Sheehy, nach maireann.

Déanann Breandán trácht den tábhacht a bhain leis an naomhóg féin agus an meas a bhí ag gach duine uirthi. Deir Ó Beaglaoich go raibh a pearsantacht féin ag an naomhóg, nach mór. "Bhí beocht inti...níor throid sí leis an bhfarraige in aon chor". 

Laistigh den bhád féin, bhí An Ghaolainn, an ceol, an litríocht agus deir Breandán gur shíl siad go raibh 'Corca Dhuibhe á thabhairt ar thuras agat' agus iad ar an bhfarraige. Bhí daoine difriúla mar chuid den fhoireann Breandán féin, Danny Sheehy, Breandán Pháid, Liam Holden agus Glen Hansard ach ba é an naomhóg an té ba thábhachtaí ar an turas.

Maidir leis an dtragóid a bhuail an fhoireann, nuair a cailleadh Danny, deir Breandán go gcreideann sé go bhfuil a chara ag féachaint anuas air go fóill, ag tabhairt tacaíochta dó. Creideann sé freisin go gcaithfidh tú do shláinte 'a cheiliúradh', más féidir.

"Nuair atá tú os cionn talún, taispeáin go bhfuil tú os cionn talún."

Tá sé i gceist ag foireann na naomhóige tabhairt faoi 'diamhaireacht álainn' na farraige i mí Mheán Fómhair na bliana seo i gCape Breton.

Craoltar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir Luan go hAoine 12.08-1.00.