Labhair an ceoltóir, Muireann Nic Amhlaoibh le Helen Ní Shé ar An Saol Ó Dheas, ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi Fair Plé atá ag iarraidh 'comhrá a thosnú' ar an míchothromaíocht atá i saol an cheoil.
Is ball den ghrúpa Fair Plé í Muireann agus leag sí béim faoi leith ar aidhmeanna an ghrúpa 'comhrá a thosnú' seachas 'an milleán' a chur ar éinne.
Deir sí go bhfuil rudaí 'imithe i bhfeabhas' maidir le saol an cheoil ach nuair a thagann sé chuig gné gairmiúil, tá míchothromaíocht fós ann. D'admhaigh Muireann féin gur 'cuid den fhadhb' í sin mar go mbíodh sí go minic ar an t-aon bhean ag ceolchoirmeacha, ar an stáitse srl. ach nach ndearna sí aon chaint go poiblí faoi ag an am.
"Ní ceist shimplí í, tá mórán cúiseanna leis"
Tá idir fhir agus mhná tagtha le chéile le haghaidh a thabhairt ar an bhfadhb agus is rud an-mhór é seo, dar le Muireann. Mar gheall ar an líon beag ban atá ag tabhairt faoi shaol gairmiúil sa cheol, deir Muireann nach bhfuiltear ag súil le 50/50 ach nach bhfuil nádúrtha a bheith 'sa mhionlach i gcónaí'.
"Ní ag lorg quotas atáimid"
Craoltar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 12.08-1.00.