Ar Lá Domhanda na Leabhar, tháinig triúr léitheoirí chuig an stiúideo i mBaile na nGall, le labhairt le Helen Ní Shé ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi na leabhair atá léamh acu agus an luach atá acu siúd ar an léitheoireacht. 

Is iad Máire Ní Iarlaithe, Denise Uí Bheaglaoich, Máirín Uí Chonchúir agus an t-údar Áine Uí Fhoghlú a thug a gcuid tuairimí faoin léitheoireacht. Mar a tharla, bhí leabhair a bhain leis an bhféinchabhair á léamh ag gach duine acu.

Deir Máirín go bhfuil an saol comhaimseartha ag cur struis ar dhaoine agus go bhfuil muid 'ag gluaiseacht ana-thapaidh tríd in saol' agus gur mór an faoiseamh an léitheoireacht dúinn. Tá 'The Power of Now' á léamh aicisean i láthair na huaire.

Luaitear go bhfuil gá le héalú agus dá gcaithfeá do chuid ama ar fad ag breathnú ar na meáin shóisialta go rachfá 'as do mheabhair'. Moltar 'imeacht isteach i gcúinne leat féin' le ham a thabhairt duit féin a bheith ag léamh.

Luaigh an t-údar Áine Uí Fhoghlú, na húdair is fearr léi idir Ghaeilge agus Bhéarla; Dónal Ryan, Anne Enright, Jodi Picoult, Anna Heussaf agus  Mícheál Ó Conghaile ina measc.

Craoltar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Luan go hAoine idir 12.08-1.00.