Labhair Uachtarán na hÉireann faoi thábhacht Bhliain na Gaeilge ag Scoil Cheoil an Earraigh i gCorca Dhuibhne agus arís le hAdhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Bhí Mícheál D. Ó hUigínn i láthair ag Scoil Cheoil an Earraigh i mBaile an Fhéirtéaraigh, áit ar labhair sé go speisialta faoi Danny Sheehy, an file agus iascaire áitiúil a cailleadh anuraidh.
Ag labhairt ar Bhliain na Gaeilge, dúirt sé go raibh gá le bheith 'dáiríre' faoin teanga. Mhol sé an spiorad comhpháirtíochta a léiríodh sa Scoil Cheoil mar 'thuar dóchais' ach go háirithe sa chúlú eacnamaíochta, nuair a bhí an tír 'ar an ngannchuid airgid'. Dúirt sé gur léiríodh an 'dáiríreachas' a bheidh ag teastáil le linn Bhliain na Gaeilge.

In agallamh ar Admhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, d'aithin an tUachtarán go raibh 'iarracht speisialta' déanta ag daoine le linn na bliana an Ghaeilge atá acu a úsáid, ní hamháin é féin agus an Taoiseach ach pé duine a bhfuil Gaeilge acu í a úsáid.
Ag tagairt do thuairscí ar theagasc na Gaeilge a léiríonn go bhfuil an caighdeán ag titim dúirt sé b'fhéidir gur maith an rud é na coláistí oiliúna a lonnú sna Gaeltachtaí 'ionas og mbeadh sé éasca caighdeán a bhaint amach sna scoileanna'.
Dúirt sé gur rud í an Ghaeilge a bhaineann 'linn féin', agus gur mhaith leis go bhféachfaí uirthi 'mar chuid de nádúr ár sinsear'
Craoltar Adhmhaidin 08:00 - 09:00 Luan - Aoine ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Craoltar An Saol Ó Dheas 12.08-1.00 Luan go hAoine RTÉ Raidió na Gaeltachta.