Labhair Helen Ní Shé le ceathrar a raibh taithí éagsúil acu ar an ngrá. Roinn Muiris Ó Fiannachta, Áine Uí Dhúbhshláine, Beitsí Ní Shuibhne, Páidí Ó hIarlaithe a gcuimhní ar an ngrá go fial ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Dúirt Áine go dtugann sí aird ar an lá mar go síleann sí go bhfuil an grá 'chomh tábhachtach' agus gur rud 'iontach ar fad é'. Ní hionann an grá agus bronntanais dhaora, dar léi.
'an rud a théann níos doimhne ná sin, an áit a bhfuil spéis agamsa'
Baintreach anois í Áine ag deir sí gur tábhachtaí di go léireódh a fear céile go raibh an-aithne aige air trí fhocail. Bhíodh nós ag a fear, Mícheál bláthanna a chur ag fás lasmuigh den fhuinneog le go bhfeicfeadh sí iad. Dúirt sí gur 'love at first sight' a bhí ann nuair a bhuail sí lena fear, Mícheál agus go ndúirt a croí léi, 'd'fhéadfainn maireachtáil leis sin'.
Feirmeoir is ea Muiris a bhuail lena bhean agus í ina suí ar bhalla lasmuigh d'oifig an phoist i gCloch na Coillte ach deir sé go bhfuil meas aige ar Lá 'le Vailintín 'níos mó anois' ná roimhe seo. Dúirt sé nach raibh iomra ar bith ar an lá leathchéad bliain ó shin. Admhaíonn sé gur 'lá mór margaíochta' ach go bhfuil sé deas 'buíochas a ghabháil le bean a' tí' toisc gurb í a dhéanann formhór na hoibre timpeall an tí. Luaigh sé go mbíonn roinnt daoine ag magadh faoi fhir a cheannaíonn bláthanna nó a leithéid ach nach bhfuil sé róbhuartha faoi. 'Ní haon ualach mór é' dó é.
Labhair an ceathrar faoin ngrá agus a dtaithí go hoscailte le Helen.
Craoltar An Saol Ó Dheas ar 12.08-1.00 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.