Bronnfar Amhránaí na Bliana ar Mháire Ní Chéilleachair ag Gradaim Cheoil TG4 an deireadh seachtaine i mBéal Feirste. Labhair sí le Helen Ní Shé faoin onóir agus faoin drogall a bhí uirthi canadh go poiblí ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Deir Máire nár thosaigh sí ag ceol go poiblí go dtí go raibh sí beagnach daichead bliain d'aois, ceal misnigh. Ní go dtí gur éirigh léi i gcomórtas ag Feis Ceoil agus deir sí gur thug sin an misneach di cur isteach ar chomórtas an Oireachtais.
Dúirt sí go mbíodh sí ag smaoineamh nach raibh sí 'maith a dhóthain' le bheith páirteach sna comórtais ach go raibh sí "scanraithe im' bheathaigh mo bhéal a oscailt". D'athraigh a meon nuair a d'éirigh léi ag comórtas ag an bhFeis Ceoil agus ansin a thosaigh sí ag cuimhniú ar chomórtais eile.
"B'fhéidir go mbeadh sé de dhánaíocht agam cur isteach ar Chorn Mháire Mhic Dhonnchadha ag an Oireachtas agus do dheineas é sin sa bhliain 1997."

Ó shin i leith tá go leor duaiseanna Oireachtais bainte ag Máire ag an Oireachtas. Níl sméar mullaigh an chomórtais, Corn Uí Riada bainte aici ach an dara háit faighte aici seacht n-uaire. Deir sí "níl éinne i dteideal aon rud a fháil sa saol seo, sin an fhírinne" ach go mbíonn sí ag machnamh ar an gcomórtas ar feadh tamaill ina dhiaidh ach go mbogann sí ar aghaidh mar go bhfuil sí 'thar a bheith buíoch' a bheith ar an ardán sin.
Beidh Gradaim Cheoil TG4 ar siúl sa Waterfront i mBéal Feirste Dé Sathairn seo chugainn agus beidh sé beo ar TG4 ó 21.30.
Craoltar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Luan go hAoine idir 12.08 agus 1.00.