Labhair Brenda Ní Shúilleabháin, léiritheoir, agus Mícheál Ó Leidhin, eagraí polaitiúil RTÉ Raidió na Gaeltachta ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin 'tréimhse duairc' i stair na tíre seo. 

Thug Brenda léargas ar shaol na hÉireann mar a bhí ag an am le comhthéacs an scéil a thabhairt agus dúirt sí:

"Bhí an tír ag athrú, bhí athruithe móra tosnaithe, ní rabhadar soiléir fós ach bhíodar ag tarlú. Bhíomar dhá bhliain déag san Aontas Eorpach agus is dóigh liom gur thosnaigh  sé sin ag féachaint amach sinn, seachas ag féachaint isteach, fé mar a bhíomar ó bunaíodh an stát mar gur gá é sin a dhéanamh chomh maith."

Le linn na tréimhse seo deir Brenda nár ceistíodh córais údaráis na tíre seo agus glacadh le rialacha na hEaglaise, na nGardaí agus dá réir, bhí sochaí na hÉireann agus ach go háirithe mna na tíre seo 'go mór faoi chois'.

Joanne Hayes ar an gclár Scannal

Labhair Brenda agus Helen faoin mbinse fiosraithe a tosaíodh ag an am, áit ar chaith Joanne Hayes cúig lá ag tabhairt fianaise agus dar le Brenda nárbh binse fiosrúcháin a bhí ann in aon chor:

"Ní binse fiosrúcháin a bhí ann ach triail agus ní triail a bhí ann ach céasadh. Céasadh an bhean óg sin. Céasadh í."

Nuair a cuireadh Joanne Hayes ar 'triail', léirigh a muintir agus muintir an bhaile go raibh siad ag tacú léi agus dar le Brenda, bhí muintir na hÉireann "ar a taobh" agus go bhfuil "an- mholadh ag dul dóibh" as an dtacaíocht sin. Thug sí suntas freisin gurb é an chéad uair ar tháinig fir na hÉireann amach ag seasamh le máthair nach raibh pósta.

Thug Mícheál Ó Leidhin, eagraí polaitiúil, RTÉ Raidió na Gaeltachta le fios go raibh leithscéal gafa ag na Gardaí agus ag an Taoiseach do Joanne Hayes agus a muintir agus go ndúirt an Taoiseach gur 'oscailt súl' a bhí sa chás dó. 

Craoltar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 12.08-1.00 ón Luan go hAoine.